Beatrice Tinsley
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Beatrice Muriel Hill 27 Eanáir 1941 Chester, England |
Bás | 23 Márta 1981 40 bliana d'aois New Haven, Connecticut |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Canterbury - Máistir Eolaíochta (–1962) Ollscoil Texas, Austin - céim dochtúireachta (–1967) New Plymouth Girls' High School (en) |
Céim acadúil | Máistir Eolaíochta |
Tráchtas acadúil | Theory of the crystal field in neodymium magnesium nitrate. (1962 ) |
Áit chónaithe | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Réalteolaíocht |
Gairm | réalteolaí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Yale (1975–1981) |
Mac/iníon léinn de chuid | A. W. Ross |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Brian Tinsley (1961–1974) |
Athair | Edward Hill |
Gradam a fuarthas |
Réalteolaí agus cosmeolaí de chuid na Nua-Shéalainne ba ea Beatrice Muriel Hill Tinsley (27 Eanáir 1941 – 23 Márta 1981), cé gur sa Breatain a rugadh í. Thug a cuid taighde léargas ar leith ar éabhlóid na réaltraí.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh í in Chester, Sasana, i 1941, agus í ar an dara duine de thriúr deirfiúracha. Chuaigh an teaghlach go dtí an Nua-Shéalainn tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ar dtús chónaigh siad in Christchurch agus ansin in New Plymouth ar feadh tréimhse níos faide. Bhí a hathair ina mhinistir agus baint aige le gluaiseacht na hAtharmála Morálta. Fad is a bhí sí ag déanamh staidéir in Christchurch phós sí Brian Tinsley, comhscoláire léi agus fisiceoir, agus gan a fhios aici nach bhféadfadh sí post a fháil san ollscoil fad is a bhí a fear céile ag obair ann. D’aistrigh siad go dtí Dallas in Texas i 1963, ach bhí an bac céanna uirthi ansiúd. I 1974, tar éis di na blianta a chaitheamh ag iarraidh freastal ar a muirín agus ar a cuid oibre in éineacht, d’fhág sí a fear céile agus a beirt chlainne altrama chun post a ghlacadh in Ollscoil Yale mar ollamh cúnta. D’oibrigh sí ann nó go bhfuair sí bás le hailse i 1981. Tá a cuid luaithrigh curtha i reilig an champais.
Oiliúnt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh sí ar scoil ag New Plymouth Girls' High School, agus bhain amach B.Sc. agus ansin céim Mháistir Eolaíochta i 1961 in Ollscoil Canterbury, le Céad Onóracha i bhFisic.[1] Fuair sí PhD ó Ollscoil Texas i 1966 de bharr a tráchtais Evolution of Galaxies and its Significance for Cosmology.
Obair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Tinsley cuid de na staidéir ba luaithe ar conas a théann daonraí réaltaí in aois agus ar an tionchar atá acu ar airíonna inbhreathnaithe réaltraí. Lena chois sin chuaigh sí i bpáirt le daoine eile chun taighde a dhéanamh ar mhionsamhlacha féachaint an bhfuil an chruinne iata nó ar oscailt. Ba iad na mionsamhlacha úd ba thúisce a thug léargas ar an gcruth a d’fhéadfadh a bheith ar phrótairéaltraí.
I 1974 fuair sí Duais Annie J. Cannon i Réalteolaíocht ó Chumann Réalteolaíoch Mheiriceá de bharr "outstanding research and promise for future research by a postdoctoral woman researcher".[2]
I 1977 chuir sí féin agus Richard Larson ó Yale comhdháil ar bun i dtaobh “The Evolution of Galaxies and Stellar Populations”.
I 1978 ceapadh í mar ollamh le réalteolaíocht in Ollscoil Yale. Cuireadh a páipéar eolaíoch deireanach faoi bhráid an Astrophysical Journal deich lá roimh a bás agus foilsíodh é i Mí na Samhna gan cheartú ar bith.[3][4]
Ómós
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 1986 chuir Cumann Réalteolaíoch Mheiriceá an Beatrice M. Tinsley Prize ar bun, duais a aithníonn "an outstanding research contribution to astronomy or astrophysics, of an exceptionally creative or innovative character".[5] Is í an t-aon duais amháin í de chuid cumainn eolaíoch Meiriceánaigh a thugann ómós d’eolaí mná. Ní thugann sí aird ar shaoránacht an eolaí ná ar a tír chónaithe.
Aisti a baisteadh an crios mionphláinéad 3087 Beatrice Tinsley, a nochtadh i 1981 ag Mt John University Observatory in aice le Tekapo sa Nua-Shéalainn.[6]
I 1989 chuir Ollscoil Texas an Beatrice M. Tinsley Centennial Visiting Professorship ar bun de bharr maoinis, rud a ligeann d’ollamh céimiúil fanacht ar cuairt ann ar feadh seimeastair .[7] I 2007 cuireadh na Tinsley Scholars ar bun do thaighdeoirí níos óige chun cuairt ghearr a thabhairt ar Austin.
Rogha foilseachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "An accelerating universe" 1975, Nature 257, 454 – 457 (9 October 1975); doi:10.1038/257454a0
- Correlation of the Dark Mass in Galaxies with Hubble type, 1981, Royal Astronomical Society, Monthly Notices, vol. 194, lgh 63–75
- Relations between Nucleosynthesis Rates and the Metal Abundance, 1980, Astronomy and Astrophysics, vol. 89, no. 1–2, lgh 246–248
- Stellar Lifetimes and Abundance Ratios in Chemical Evolution, 1979, Astrophysical Journal, Part 1, vol. 229, lgh 1046–1056
- Colors as Indicators of the Presence of Spiral and Elliptical Components in N Galaxies, 1977, Publications of the Astronomical Society of the Pacific, vol. 89, lgh 245–250
- Surface Brightness Parameters as Tests of Galactic Evolution, 1976, Astrophysical Journal, vol. 209, lgh L7–L9
- The Color-Redshift Relation for Giant Elliptical Galaxies, 1971, Astrophysics and Space Science, Vol. 12, lch 394
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Beatrice M. Tinsley (1962). "Theory of the crystal field in neodymium magnesium nitrate." (as en). doi: .
- ↑ AAS Annie J. Cannon Award in Astronomy: http://aas.org/grants/awards.php#cannon Curtha i gcartlann 2010-12-22 ar an Wayback Machine
- ↑ Tinsley, B. M. (1981), “Chemical evolution in the solar neighborhood. IV – Some revised general equations and a specific model,” Astrophysical Journal, Volume 250, lgh 758–768, bibcode 1981ApJ...250..758T, doi 10.1086/159425
- ↑ Nóta an eagarthóra: "Deceased on 1981 March 23, thus ending prematurely a distinguished career. The text of this last paper was not revised, although Michele Kaufman kindly added some clarifying definitions and comments".
- ↑ Beatrice M. Tinsley Prize, American Astronomical Society: http://aas.org/grants/awards.php#tinsley Curtha i gcartlann 2010-12-22 ar an Wayback Machine
- ↑ Citation for (3087), Minor Planet Center: http://scully.cfa.harvard.edu/~cgi/ShowCitation.COM?num=3087[nasc briste go buan]
- ↑ External Review 2009, University of Texas ag Austin Department of Astronomy/McDonald Observatory: http://www.as.utexas.edu/astronomy/education/review/finalexternalreport.pdf Curtha i gcartlann 2022-02-23 ar an Wayback Machine