Beartaíocht Heimlich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beartaíocht Heimlich

Modh oibre garchabhrach tarrthála chun bia nó bac eile sa phasáiste uachtarach riospráide a chur amach as. Tugtar an sá boilg uirthi freisin. Sáitear an dorn dúnta go láidir in airde ar an mbolg úachtarach os cionn an imleacáin, agus déantar arís é go mbíonn an fhadhb riospráide réitithe. Is féidir an gnó céanna a dhéanamh tríd an íobartach a fháisceadh timpeall an choim ón taobh thiar. Ainmnítear í as an dochtúir Meiriceánach Henry J. Heimlich (1920-2007).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Beartaíocht Heimlich". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 343.