Jump to content

Housewife of the Year

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtHousewife of the Year
Cineálócáid bhliantúil
comórtas Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1967 - 1995
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Clár ar RTÉ ba ea ‘Housewife of the Year’ nó 'Bean an Tí na Bliana', a craoladh ó 1982 go dtí 1994. curtha i láthair ag Gay Byrne.[1] Reáchtáladh an comórtas féin ó 1968 go dtí 1995, comórtas mór spleodrach a ‘cheiliúir’ ról na mná tí. Bhí an comórtas urraithe ag Bord Soláthair an Leictreachais agus an iris Woman's Way ó 1968-1977 agus CalorGas, nó Calor, ó 1978-1995.

Calor Gas
Gay Byrne, 2007

Sa tsraith teilifíse, bhí caint ar chócaireacht, ar pháistí, ar fhir chéile  agus ar mhórán eile atá tarraingteach, dearfach faoin ré sin. Feicimid sa chlár an craoltóir Gay Byrne agus é breá sásta leis féin ag cur agallamh ar na mná faoina saol, faoina gcuid páistí, faoina gcuid scileanna baile. Ghlac na mná páirt ann go fonnmhar – fuair buaiteoir an chomórtais seic £300 (timpeall 450 euros) agus (ó 1978-1995) sorn gáis nua de chuid Calor.

Cuireadh deireadh leis an gcomórtas sna nóchaidí thart ar an am céanna ar thosaigh mná a raibh oideachas orthu ag cur isteach air. Ghnóthaigh bean ag an am a raibh céimeanna ardoideachais agus gairm bheatha i saol an airgeadais aici an comórtas (... agus ní mó ná sásta a bhí an dream a bhí ag streachailt le saol crua gan mórán de mhaoin an tsaoil).[1]

Craoladh clár faisnéise ar RTÉ i mí an Mheithimh 2025. Is mór an t-athrú atá tagtha ar an saol sna blianta ó bhí an comórtas Housewife of the Year ar bun, agus léirigh an clár é sin.[2]

Ag tús an chláir taispeántar an téacs d’airteagal 41.2 den bhunreacht a deir go bhféachfaidh an stát chuige nach mbeidh ar aon bhean a ghabháil ag obair mar gheall ar chúrsaí airgid agus faillí a dhéanamh ina ndualgas sa mbaile dá bharr. Is sa chomhthéacs sin atá an clár ag breathnú ar an saol in Éirinn sa tréimhse ina raibh comórtas Housewife of the Year ar bun.

Bhain an clár úsáid as meascán de mhíreanna cartlainne agus agallaimh nua le mná a ghlac páirt sa gcomórtas ag an am. Thug sé súil isteach ar shaol na mban in Éirinn agus tuiscint ar na dearcthaí atá ag cuid de na mná sin in 2025 agus iad ag breathnú siar air.

Labhair cuid de na mná ar an riail a bhí i bhfeidhm go gcaithidís éirí as an obair san earnáil phoiblí nuair a phósaidís siad. Bhí bean amháin as Co. Chorcaí a bhí cáilithe ina banaltra agus a chaith cúpla bliain ag obair i Londain sular tháinig sí abhaile arís le cúnamh a thabhairt dá máthair sa mbaile nuair a buaileadh a hathair tinn. Phós sí ina dhiaidh sin agus bhí uirthi éirí as an obair mar nach raibh aon chead (taobh amuigh de roinnt eisceachtaí) ag mná poist sa tseirbhís phoiblí a choinneáil i ndiaidh dóibh pósadh.[2]

Bhí bean eile ar an gclár ar cuireadh isteach i gceann de na tithe Magdalene í agus í ina déagóir nuair a thug sí rolla pictiúirí ag an gcógaslann le forbairt a dhéanamh air. Nuair a chonaic an fear sa gcógaslann na pictiúirí chuaigh sé ag an sagart leo. Chuaigh an sagart ina dhiaidh sin ag a muintir agus dúradh leo go raibh sí ar bhóthar a haimhleasa agus í a chur isteach sa neachtlann.

Chuirfeadh sé iontas ort an líon gasúr a bhí ag na mná agus is deacair a chreidiúint go raibh siad fós beo is ag siúl thart, is ag caint le Gaybo agus trí dhuine dhéag sa mbaile acu. Bean amháin ar taispeánadh a hagallaimh ón gcartlann, bhí sí ag liostú ainmneacha na ngasúr agus cén aois a bhí siad agus chuaigh sí amú sa gcomhaireamh.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (22 Samhain 2024). "Léiriú ar shaol nach bhfuil imithe uainn rófhada tugtha in dhá scannán nua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-21.
  2. 2.0 2.1 2.2 Bridget Bhreathnach (12 Meitheamh 2025). "DIALANN TUAIRISC: An Housewife of the Year, an chóitseáil teanga agus laethanta saoire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-14.