Barbara McClintock

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBarbara McClintock

(1947) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Meitheamh 1902
Hartford, Connecticut Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Meán Fómhair 1992
90 bliana d'aois
Huntington, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síCornell University College of Agriculture and Life Sciences (en) Aistrigh (1919–)
Ollscoil Cornell - luibheolaíocht
Ardscoil Erasmus Hall (–1919)
Ollscoil Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilA Cytological and Genetical Study of Triploid Maize
Comhairleoir dochtúireachtaRollins A. Emerson
Áit chónaitheHartford
Flatbush
Gníomhaíocht
Réimse oibreGéineolaíocht agus cítigéineolaíocht
Gairmcítigéineolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCold Spring Harbor Laboratory (en) Aistrigh (1941–)
Ollscoil Missouri
Ollscoil Cornell Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaAlmiro Blumenschein
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairSara Ryder McClintock
Síniú

Find a Grave: 7687923 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba eolaí Meiriceánach agus duine de na cítighéineolaithe ba chlúití ar domhan í Barbara McClintock (16 Meitheamh 19022 Meán Fómhair 1992). Saineolaí i ngéineolaíocht na gceall, nó cítighéineolaíocht, a bhí inti. Fuair sí dochtúireacht sa luibheolaíocht ó Ollscoil Cornell sa bhliain 1927, mar ar éirigh sí ina ceannaire i bhforbairt chítighéineolaíocht na mine buí (.i. arbhair Indiaigh). Ceannródaí agus duine neamspleách a bhí inti: ag baint úsáide di as anailís mhicreascópach ar struchtúr géiniteach na mine buí, thaispeáin sí conas a oibríonn a lán den chóras géiniteach ar leibhéal na gceall. D’oibrigh sí ag Cornell le triúr eile ar ar tugadh “grúpa arbhair Cornell” go dtí 1941. Ag deireadh na bliana úd ghlac sí post ag an Cold Spring Harbor Laboratory ar an Oileán Fada, Nua-Eabhrac, mar ar oibrigh sí ar leithligh, sa chuid ba mhó, go dtí deireadh a saoil oibre. Bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis uirthi sa bhliain 1983.