Meáchanlár
Cuma
(Athsheolta ó Baralár)
Maidir le grúpa réad, cosúil leis an nGrianchóras nó braisle réaltaí, an pointe inar féidir an mhais iomlán a shamhlú comhchruinnithe (an maislár nó an baralár) chun a iarmhairt imtharraingthe ar réada eile a ríomh. Léiríonn gluaiseacht an mheáchanláir gluaiseacht an ghrúpa réad ina iomláine. Is ionann iolrú luas an phointe seo is na maise iomláine le suim mhóimintim chodanna uile an réada, nó an ghrúpa read. Mar shampla, is é maislár blúirí buama phléasctha ionad an bhuama roimh an bpléasc. Nuair a fheidhmíonn fórsa ar an gcóras (ar an réad nó an grúpa réad), luasghéaraítear an mhaislár, díreach mar a tharlódh dá mbeadh an mhais iomlán comhchruinnithe ann.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Meáchanlár". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 442.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |