Banna cruach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa ceoil, dúchasach d'Oileán na Tríonóide, nach bhfuil de ghléasanna ann ach drumaí cruach den chuid is mó. Cnaguirlisí tiúnta, déanta as bairillí ídithe ola is ea iad seo. Bíonn cuid de na bannaí an-oilte, in ann ceol clasaiceach an iarthair a sheinm chomh maith le ceol na nIndiacha Thiar i gcomhair an charnabhail is féilte pobail eile.