Bairneach

Is ainm coitianta a thugtar ar sheilidí mara áirithe é bairneach. Bíonn sliogán cónúil agus cos láidir mhatánach acu. Is baill den aicme Gastropoda iad, ach tá siad polaifíléiteach, is é sin le rá gur shíolraigh na grúpaí éagsúla ar a dtugtar “bairnigh” go neamhspleách ó ghastrapóid shinsearacha éagsúla. Is bairnigh iad gach ball den chlád mór ársa Patellogastropoda. Laistigh den chlád sin, is minic a thugtar “fíorbhairnigh” ar bhaill den fhine Patellidae (féach an géineas Patella freisin).
Tugtar “bairnigh” ar ghrúpaí eile nach bhfuil sa fhine chéanna, mar gheall ar an gcosúlacht idir a sliogáin. Mar shampla, an fhine Fissurellidae (na bairnigh iascáin), laistigh den chlád Vetigastropoda, agus na Siphonariidae (na bairnigh bhréige), a úsáideann siofón chun uisce a phumpáil ar a gcuid geolbhach.
Nuair a úsáidtear an téarma “bairneach” i gcomhthéacs Éireannach, is minic a bhíonn an bairneach coiteann (Patella vulgata) i gceist.
Déantar bairnigh a fhaoisceadh trí uisce galach a dhoirteadh orthu nó trí thine a chur fúthu. Bogann sé sin an t-iasc/bia a bhíonn istigh iontu. I dtús an Fhómhair bíonn píosa bia ar a dhroim ag an mbairneach a bhíonn deas bog agus furasta a chogaint. An Moiltín Fómhair a thugtar air sin.[1]
Tugtar 'bairnigh' mar leasainm ar dhaoine de bhunadh an chósta, seachas 'rúcaigh'.[2]
Nathanna cainte
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Chomh bocht le bairneach (= an-bhocht)
- Dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach (= éirí níos measa)
- Ná mharaigh mise agus mo mhoiltín Fómhair go haoibhinn ar mo dhroim.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Dónall P. Ó Baoill (17 Márta 2026). "Faoisc, freagra agus beannachtaí na féile". Scéal: lch 7.
- ↑ Patrick S. Dinneen (1927). "Báirneaċ". Foclóir Gaeḋilge agus Béarla: lch 73.