Baile Thalbóid
Baile Thalbóid | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Cód poist | BT22 | |||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Glaochód | 028 | |||
Logainm.ie | 1413115 |
Is baile suite i gContae an Dúin i dTuaisceart Éireann é Baile Thalbóid.[1] Tá calafort beag agus páirceanna carbhán mhóra ann. Sa bhliain 2001 bhí cónaí ar 447 duine ann agus sa bhliain 2011 fuarthas 1,026 duine ina gcónaí ar an mbaile.
Tá an lonnaíocht is faide soir in Éirinn, Bior, taobh istigh de Bhaile Thalbóid.
I mí Bealtaine na bliana 1917, chuir an U-fhomhuireán UC 65 faoi stiúradh Otto Steinbrinck ceithre shoitheach, mar atá an Saint Mungo, Derrymore, Amber agus Morion, go dtí an tóin i mBá Bhaile Thalbóid. Tógadh bunáit aerfhórsa, RAF Ballyhalbert, i mBaile Thalbóid le Béal Feirste agus oirthear Thuaiscirt Éireann a chosaint sa Dara Cogadh Domhanda. Druideadh an bhunáit agus díoladh an talamh i mí Márta, 1960. Tógadh páirceanna carbhán ann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Baile Thalbóid/Ballyhalbert | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |