Jump to content

Baile Lombaird

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Lombaird

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 07′ N, 8° 47′ O / 52.12°N,8.78°W / 52.12; -8.78
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Logainm.ie1412890

Is baile suite i gContae Chorcaí é Baile Lombaird.[1]

Rinneadh slad mór ar éisc san Abhainn Mhór in aice le Baile Lombaird i mí Lúnasa 2025. Maraíodh 42,000 iasc – bric bhuí fhiáine a mbunáite – i bhfad 30 ciliméadar den Abhainn Mhór idir Baile Lombaird agus Cill an Mhuilinn agus in dhá fho-abhainn léi, mar atá, An Abha Bheag agus An Chlaoideach. Ba é an slad ar éisc ba mhó riamh sa Stát é.

Ní fios fós cad ba chionsiocair leis. Cháin na daoine áitiúla sin na gníomhaireachtaí a d'fhiosraigh an slad as díriú an iomarca ar ghalar fungasach i measc na n-iasc a aimsiú nuair ba léir, dar leis na daoine sin, gur truailliú na habhann ba chúis leis.

In 2026 scríobh an Coimisiún Eorpach i dtuarascáil nár mhór do na húdaráis in Éirinn ciall cheannaithe a bheith acu agus feabhas a chur ar an gcaoi a dtéann siad i ngleic le sladanna tromchúiseacha ar éisc in aibhneacha na tíre.[2]