Babe Ruth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBabe Ruth

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) George Herman Ruth, Jr.
6 Feabhra 1895
Baltimore, Maryland, Maryland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Lúnasa 1948
53 bliana d'aois
Memorial Sloan Kettering Cancer Center, New York (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Nasopharynx carcinoma (en) Aistrigh)
Áit adhlacthaGate of Heaven Cemetery (en) Aistrigh, 25 Cuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Gairmimreoir daorchluiche Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre11 Iúil 1914 –  20 Bealtaine 1935
TeangachaBéarla
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtdaorchluiche Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtMajor League Baseball (en) Aistrigh
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtCeapadóir amuigh agus caiteoir
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Yankees Nua-Eabhrac
Boston Braves (en) Aistrigh
Boston Red Sox Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileClaire Merritt Ruth Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDorothy Ruth Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaJulia Ruth Stevens (adopted daughter (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinbaberuth.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0751899 Facebook: BabeRuth Musicbrainz: 3c7754fa-76dd-419f-a76f-92dad2f94c5a Songkick: 520817 Find a Grave: 919 Cuir in eagar ar Wikidata

Imreoir daorchluiche Meiriceánach ab ea Babe Ruth a rugadh faoin ainm George Herman Ruth Jr. (6 Feabhra 189516 Lúnasa 1948). Rugadh agus tógadh é in Baltimore, Maryland. D'imir sé 22 séasúr i Sraith Mhór an Daorchluiche (MLB) (1914–1935). Thosaigh sé mar chaiteoir ciotógach leis na Boston Red Sox, ach bhain sé clú ceart amach dó féin i ndiaidh dul le Yankees Nua-Eabhrac. Áirítear é mar dhuine de laochra spóirt Mheiriceá. "The Bambino" agus "Sultan of Swat" na leasainmneacha a tugadh air. Fuair sé bás i Manhattan, Nua-Eabhrac.

A Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ruth do bheirt imirceach ón nGearmáin agus tógadh é i gcomharsanacht bhocht in Baltimore. In aois a 7 mbliana cuireadh Ruth chuig St. Mary's Industrial School for Boys, scoil cheartúcháin, mar ar fhoghlaim sé ceachtanna faoin saoil agus faoin daorchluiche araon ón mBráthair Matthias Boutlier de chuid na mBráithre Críostaí. Sa bhliain 1914, shínigh Ruth conradh mionsraithe leis na hOrioles in Baltimore, ach go gairid ina dhiaidh sin dhíol siadsan Ruth leis na Red Sox. Faoin mbliain 1916, bhí clú tuillte aige mar shárchaiteoir a bhí ábalta buillí baile fada a bhualadh isteach freisin uaireanta, rud annamh i dtréimhse "na liathróide mhairbhe" roimh 1920. Faoi dhó, bhuaigh Ruth 23 cluiche le linn séasúr amháin agus bhí sé ina bhall de thrí fhoireann Bhostúin a bhuaigh sa tSraith Dhomhanda. D'éiligh sé imirt achan lá imeartha agus tugadh cead dó imirt sa pháirc amuigh. Bhris sé an record san MLB le haghaidh an líon buillí baile in aon tséasúr amháin.

Saol san MLB agus ina dhiaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh sé mar nós ag Ruth cuairt a thabhairt ar pháistí in ospidéil agus díleachtlanna. Tharraing Ruth clú air féin mar fhear mór na mban. Ar scor dó, ba doiligh leis obair a fháil a bhain leis an daorchluiche.

Staitisticí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Staitisticí ó Retrosheet.[1]

G AB R H HR RBI BB SO Avg. OBP SLG
2,503 8,399 2,174 2,873 714 2,213 2,062 1,330 .342 .473 .690

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]