Béal Átha Beithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Béal Átha Beithe
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Monaghan Magnified.png
Daonra (2016) 1241
Airde: 61 m
Contae: Contae Mhuineacháin
Cúige: Ulaidh

Is é Béal Átha Beithe (Béarla: Ballybay) atá suite i gContae Mhuineacháin. [1] Tá an baile suite ag an gcrosbhóthar a dtrasnaíonn na bóithre R183 and R162. Ciallaíonn Béal Átha Beithe, "At the Ford of the Birches". Bíonn a lán baile in aice le Béal Átha Beithe cosúil le Cluain Eois, Baile na Lorgan, Carraig Mhachaire Rois agus bailte eile atá timpeall Mhuineacháin. Tógadh an baile in aice le loch mór (Loch Major), agus an loch níos lú. Is paróiste dlí é.[2]

Stair agus Áiteanna stairiúla[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhunaigh an clann Mhic Shiacais an baile san ochtó haois déag. D'oibrigh siad i dtionscal an línéadaigh. Bunaíodh Comhairle an Bhaile sa bhliain 1870. Bhí clú agus cáil ar an mbaile agus ainmníodh an baile 'Ballybea' ach anois, tugtar é an t-ainm 'Ballybay'. Ba bhaile cáiliúil é mar a bhí margaí, aontaí, cruinnithe poiblí, comhshocraithe, máirséalacha pháráide agus imeachtaí do gach eagraithe. Ba bhaile craobh aonaigh é ag an am sin. Bhí tionscal an línéadaigh ag éirí le linn an ama seo. Bhí meath ag teacht air i gceantar mar Bhéal Átha Beithe de dheasca an tsuíomh a bheith meicnithe, an tseoil chumhachta agus cumhacht an choire ghaile.

Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, bunaíodh an baile mar sonad mór um trádáil chapall, rud a thacaigh le ceadaithe mar úmadóirí, gaibhne, crúdóirí agus tairneoirí.

Bhí cruinnithe ag coimisinéirí an bhaile sa bhliain 1871 le hionadaí bainc, gnóthadóirí, agus daoine éagsúla a bhí suim acu i bhforbairt an bhaile. Maidir le leagan amach baile, bunaíodh soláthar uisce, soilsiú sráide agus plean bainistíochta dramhaíola.

I ndiaidh sin, bhí margaigh agus imeachtaí ag éirí i lár an bhaile agus bhí earraí cosúil le síola lín, punann arbhair, feoil, capaill agus torthaí feirme.

Teach Bhéal Átha Beithe[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1820, bhí an clann Leslie ina gcónaí i teach mhór ar eastát Bhéal Átha Beithe. Bhí clann sínte acu agus tógadh an teach chun státus mar tiarnaí talún a thaispeáint. Bhí sé suite ar imeall an bhaile, ag féachaint síos ar Lough Major. Fuair Emily Leslie French bás sa bhliain 1884, agus tugtar an teach dá mac, Robert Charles. Tar éis a bhás, bhí mac aige, Henry Edward John Leslie, a bhí ina chónaí sa teach agus chaith sé a ama ann agus ní raibh sé pósta.

Teach an Mhargaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teach an Mhargaidh.

Tógadh Teach an Mhargaidh[3] sa bhliain 1848. Is dhá stór é agus é luaite leis an altire William Walker. Tá sé suite sa bhaile in aice le Sráid na hEaglaise. Is áit stairiúil í. Tá plaic os comhair an tí agus deir sé 'Dearadh é chun ról ilfheidhmeach a bhí glacta ag an bhfoirgneamh margaidh a bhí ann roimhe sin a chomhlíonadh agus ar an slí sin chuir sé suntasach le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch an bhaile. Tá an margadh agus na hoifigí gaolmhara lonnaithe ar urlár na talún agus tá seomra tionóil mór agus seomraí poiblí ar an gcéad urlár chomh maith le seomra ina mbíodh an oifig cíosa tráth. Bhíodh foirgneamh scoile sealadach, teach cúirte, leabharlann agus halla ceolchoirme agus damhsa ar an gcéad urlár ag tréimhsí éagsúla. Téann staighre adhmaid ón mbá ó dheas ar an bPríomhshráid go dtí seomra cíosa ar an gcéad urlár. D'úsáideadh an Giúistís Síochána nó Breitheamh na Cúirte Dúiche an seomra sin mar fhorsheomra agus é i gceannas ar chúirteanna gearra agus ar na cúirteanna áitiúla.' Tá sé le feiceáil sa lá atá inniu agus tagann a lán cuairteoirí teach a fheiceáil.

Halla Naomh Phádraig[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá sé suite ar Sráid Naomh Phádraig. Bhí a lán imeachtaí sa halla cosúil le club óige, biongó, dráma, basáir na blianta ó shin.

Taisteal[athraigh | athraigh vicithéacs]

Traein i mBéal Átha Beithe.

An tIarnród[athraigh | athraigh vicithéacs]

Oifig an stáisiúin inniu.

Bunaíodh stáisiún na traenach i mBéal Átha Beithe ar an seachtú lá dhéag i mí Iúil sa bhliain 1854. Dúnadh é ar an gceathrú lá déag i mí Dheireadh Fómhair 1957. Tá cuid d'oifig an stáisiúin le feiceáil inniu. Osclaíodh líne an iarnróid in 1849 agus cuireadh síneadh siar as go dtí Béal Átha Bethe in 1854. Tar éis sin, bhí ainm ar chóras an iarnróid a bhaineann le hIarnród Thuaisceart na hÉireann agus le hIarnród Uladh. Ba é Mór-Iarnród an Tuaiscirt (GNR) an t-ainm a bhí air. Bhí Emilie Leslie i gceist le pleanáil an iarnróid. Bhí comhaontú gur dtógfaí an stáisiún ó dheas den áit a bhí beartaithe ar dtús agus go dtógfaí an stóras earraí taobh thoir de theach an stáisiúin féin. Bhí na daoine ag úsáid an traenach i gcónaí le linn an Dara Cogadh Domhanda agus fostaíodh tuilleadh foirne ag an am seo. Dúnadh a lán líne sa bhliain 1957 agus i ndiaidh sin, dúnadh an tIarnród in 1957.

Bus[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá réimse leathan de seirbhísí ar fáil. Stopann an bus, Collins Coaches, ag barr na sráide, ag cearnóg an bhaile. Téann sé go Baile Átha Cliath trí Charraig Mhachire Rois, Bhaile Átha Fhirdhia, agus trí Bhaile Shláine gach lá ar sheirbhís laethúil.[4] Tá seirbhís ar fáil do na daoine atá ag taisteal chuig Muineachán nó Institiúid Mhuineacháin.[5]

Seirbhísí Reiligiúnacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá trí eaglais sa bhaile inniu:

  • Eaglais Naomh Phádraig
  • Eaglais Phreispitéireach
  • Eaglais na hÉireann

Inniu[athraigh | athraigh vicithéacs]

Leathnaíodh Ionad Fiontair Bhéal Átha Beithe sa bhliain 2015. Tá cistineacha ann agus is féidir leis a chur ar cíos.

Athchóiríodh Ionad an Phobail le linn na blianta 2011 agus 2012. Osclaíodh é go hoifigiúil ag Aire Stáit um Thurasóireacht agus Spórt Michael Ring TD sa bhliain 2013. Tá sé suite ar chúl an choláiste Bhéal Átha Beithe. 'Ballybay Community College Sports Hall' an t-ainm atá air. Tá stair fhada aige. Tá áiseanna éagsúla ar fáil san ionad cosúil le halla spóirt, stiúideo damhsa, seomraí gléasta, cúirt liathróid láimhe, agus dhá spórtlann. Tá páirc peile díreach os comhair Coláiste Pobail Bhéal Átha Beithe. Is féidir leis an ionas a chur ar cíos.

Crostraenálaí sa pháirc.

Chomh maith leis sin, athchóríodh páirc an bhaile agus tá níos mó áiseanna do daoine óga. Tá trealamh aclaíochta timpeall na páirce cosúil le rothar aclaíochta, agus crostraenálaí.

Turasóireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Lóistín[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teach Ardmore is ainm don aíochtlann agus tá sé suite i lár an bhaile. Tá dhá sheomra déag ann agus tá páirc cairr ann do na lóistéirí.

Ionad Bogaigh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá ionad bogaigh[6] suite ar bhóthar Chluain Eois. Is ionad ilfheidhme é agus tá seirbhísí éagsúla ar fáil don phobal cosúil le cúrsaí do daoine fásta, agus imeachtaí do turasóirí (éanbhreathnú, áiseanna iascaireachta, agus treoshuíomh den áit). Cuireann siad imeachtaí cultúrtha i láthair cosúil le aonacha ceardaíochta, imeachtaí ceoil agus bíonn taispeántas ealaíne ar siúl. Tá réimse leathan de speicis dúchasacha (éin, éisc, ainmhithe, amfaibiaigh, srl) ina gcónaí sa cheantar.

Spórt[athraigh | athraigh vicithéacs]

CLG[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá nasc láidir ag an mbaile le CLG (Cumann Lúthchleas Gael). Ballybay Pearse Brothers an t-ainm atá ar an gclub. Páirc na Bráithre Piarasaigh CLG is ainm don pháirc imeartha agus tá sé suite ar imeall an bhaile. Bhuaigh an club ocht gcraobhchluice i gContae Mhuineacháin ó 1935. Chomh maith leis sin, rinneadh cónascadh idir CLG Druim Shamhain[7] agus CLG Bhéal Átha Beithe faoi shé déag agus mionúir. Imríonn ceathrar imreoirí le foireann an Chontae Mhuineacháin[8]; Drew Wylie, Ryan Wylie, Thomas Kerr agus Dessie Ward faoi láthair. Tá peile na mban sa club freisin. Naomh Bríd CLG and t-ainm atá air.

Sacar[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ballybay Athletic an t-ainm a bhí ar fhoireann sacair sa bhaile. Bunaíodh sé sna seachtóidí agus d'imir siad i gconradh Mhuinéacháin agus an Chabháin. Bhí a bpáirc ar bhóthar Mhuinchille os comhair an stáisiún cumhachta atá ann anseo. McMurray's Meadow an t-ainm a bhí air. Bhuaigh siad dhá horn Steadfast sna seachtóidí.

Bollaí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Osclaíodh club Bhéal Átha Beithe/Dhoire Mholach faoi Lúnasa sa bhliain 2006. Tá clubtheach in aice leis an bpáirc.

Calafort iascaireachta.jpg

Iascaireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá ceantair iascaireachta ag timpeall an bhaile. Tagann a lán iascairí ón chontae go dtí Béal Átha Beithe mar a bhíonn cúpla comórtas le linn na blianta. Tá réimse leathan d'éisc cosúil le liús, bran, agus róiste. Chomh leis sin, tá calafoirt iascaireachta le feiceáil in aice leis an bpáirc.

Daoine Cáiliúla[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Thomas Heazle Parke (1857 - 1893) - Maormháinlá
  • John Gregg (1867 - 1948) - córas Gregg de ghearrscríobh
  • Sir John Gray - iarua mic d'Andrew Gray agus Agnes (nee Fleming) a raibh suite in Ardachadh.
  • Rugadh tiománaí carr rásaíocht, John Cummins, i mBaile Átha Beithe.
  • Bhí treanálaí capaill rása, Oliver Brady ón gceantar. Bhunaigh sé an comhlacht Shabhra Plastics lena chomhpháirtithe gnó Rita Shah ar imeall an bhaile, Baile na Lorgan. Bhuaigh sé £100,000 i bhféile Cheltenham sa bhliain 1981 agus thóg sé teach agus stáblaí leis an airhead i mBéal Átha Beithe.
  • Imríonn an peileadóir Paul Finlay d'fhoireann Bhéal Átha Beithe agus d'fhoireann Chontae Mhuineacháin idir na bliana 2002 agus 2016. Bhuaigh sé duaiseanna cosúil le bonn chraobh na hÉireann le scoileanna Mhuineacháin agus boinn mionúr agus idirmheánacha le foireann Bhéal Átha Beithe.
  • Rugadh David McGregor i mBéal Átha Beithe agus d'imir sé rugbaí d'fhoireann rugbaí na hÉireann faoi fhiche sa bhliain 2009 sa tSeapáin.
  • Bhí an staraí Peadar Murnane ina chónaí ar an bpríomhshráid i mBéal Átha Beithe. Scríobh sé agus a dheartháir James H. Murnane an leabhar At the Ford of the Birches sa bhliain 1999.

Oideachas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá dhá bhunscoil ann i mBéal Átha Beithe inniu; Scoil Éanna[9] agus Ballybay Central National School[10] agus meánscoil amháin - Coláiste Phobail Bhéal Átha Beithe. Is scoileanna meascáin iad. Tá Scoil Éanna agus Ballybay Central National School suite ar bhóthar Bhaile na Lorgan, agus tá an meánscoil suite ar bhóthar Charraig Mhachaire Rois.

Tá Naíonra Bhéal Átha Beithe [11] ar fáil do naíonáin os comhair na bunscoile Scoil Éanna in aice le páirc an bhaile.

Tá leabharlann suite i lár an bhaile. Tá roinnt agus seirbhísí do na daoine fásta agus do na páistí.[12]

Cultúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Dráma[athraigh | athraigh vicithéacs]

Athbhunaíodh Cumann Dráma Bhéal Átha Beithe sa bhliain 2017. Rinne siad dhá dhráma: Anyone Could Rob a Bank le Tom Coffey sa bhliain 2017 agus Professor Tim le George Shiels i mí an Mhárta sa bhliain seo.

Ceol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Scríobh an t-amhránaí Tommy Makem amhrán faoin mbaile. 'In the Town of Ballybay' an t-ainm atá air. [13] Tá amhráin eile ar fáil faoi teideal 'Songs and Poems' sa leabhar At the Ford of the Birches.[14]

Caidreamh idirnáisiúnta[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá caidreamh idirnáisiúnta idir Béal Átha Beithe agus Osterhofen i mBaváir.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Bunachar Logainmneacha na hÉireann. (n.d.). Retrieved March 21, 2018, from https://www.logainm.ie/ga/
  2. https://www.ballybay.ie
  3. http://archiseek.com/2012/1848-market-house-ballybay-co-monaghan/
  4. http://www.collinscoaches.ie/images/collins_coaches_timetable_to_dublin_oct_2016.pdf
  5. https://www.ballybay.ie/images/LocalLink_M1_M2_Timetable_Final.pdf
  6. http://ballybaywetlands.ie/about-baybay-wetlands/
  7. CLG Druim Shamhain, Co. Mhuineacháin. (n.d.). Retrieved March 21, 2018, from http://drumhowan.gaa.ie/
  8. The Official Monaghan GAA Website. (n.d.). Retrieved March 21, 2018, from http://www.monaghangaa.ie/
  9. Scoil Éanna Ballybay. (n.d.). Retrieved March 27, 2018, from http://www.scoileanna.ie/
  10. Castleblayney Rd, Ballybay, Co.Monaghan. (n.d.). Retrieved March 27, 2018, from http://www.ballybaycns.com
  11. Ballybay Community Crèche. (n.d.). Retrieved March 27, 2018, from http://www.ballybaycommunitycreche.com
  12. https://monaghan.ie/library/ballybay/
  13. In The Town Of Ballybay lyrics. (n.d.). Retrieved April 02, 2018, from [1]
  14. Murnane, J. H., & Murnane, P. (1999). At the Ford of the Birches: The History of Ballybay, its People and Vicinity. Ballybay: Murnane Brothers.