Athsholáthar Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
athrú déimeagrafach sna Stáit Aontaithe, réamh-mheastacháin, US Census Bureau 2012 National Population Projections


Tháinig Teoiric an ‘Athsholáthair Mhóir’ (Béarla: Great Replacement Theory) chun cinn sa Fhrainc sna 2010idí agus thar lear níos déanaí.

Tháinig leabhar de chuid Renaud Camus,[1] Le Grand Remplacement, amach sa bhliain 2011, ag maíomh go mbíonn daoine nár rugadh sa Fhrainc – ar nós daoine gorma, Moslamaigh, inimircigh, srl - a chur in áit daoine a rugadh ansin. Bhí Camus den bharúil gur chomhcheilg folaigh é. Thug sé an t-'Athsholáthar Mór' uirthi.

Tháinig an teoiric i réim sna Stáit Aontaithe nuair a toghadh Donald Trump. Mar shampla sa bhliain 2023, chreid os cionn 60% de vótóirí Trump go bhfuil na Daonlathaigh ag obair go dian chun daoine nár rugadh i Meiriceá a chur in áit daoine a rugadh ansin.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Renaud Camus" (as en) (2023-12-23). Wikipedia. 
  2. Mairéad Ní Nuadháin (19 Eanáir 2024). "Comhchealga agus droch-chaighdeán oideachais – cad a tharla do Mheiriceá?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-19.