Atáirgeadh fótaimeicniúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Atáirgeadh fótaimeicniúil

Priontáil iolrach grianghrafanna le dúch ar pháipéar, de ghnáth ó phlátaí miotalacha nó plaisteacha ar a mbíonn an íomhá comhdhéanta as poncanna soladacha. Táirgtear grádú sa phictiúr trí athruithe i méid na bponcanna, is ní i ndlús an dúigh. Ullmhaítear na plátaí trí athghrianghrafú na cóipe leata trí scáileán le líniú atá cuí don phróiseas priontála is an táirge (26-34 líne sa cm i gcomhair nuachtáin, suas le 53-120 líne sa cm i gcomhair léaráidí ardchaighdeáin leabhair). Nuair is atáirgeadh daite a bhíonn i gceist, déantar plátaí scoite i gcomhair gach dúigh atá le húsáid: de ghnáth, buí, maigeanta, cian is dubh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Atáirgeadh fótaimeicniúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 52.