Ash
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | banna ceoil |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1992, Dún Pádraig |
| Gníomhaíocht | |
| Tréimhse oibre | 1992 – |
| Lipéad ceoil | Infectious Music |
| Seánra | Rac-cheol agus rac malartach |
| Codanna | |
| Suíomh gréasáin | ash-official.com |
Is racghrúpa as Dún Pádraig, Contae an Dúin i dTuaisceart na hÉireann é Ash, a bunaíodh sa bhliain 1992. Aicmíodh iad sa sheánra "Britpop" ar dtús sna nóchaidí. Tá cúpla amhrán cáiliúil acu, mar shampla Girl From Mars, Oh Yeah, Shining Light agus Burn Baby Burn. Is iad Tim Wheeler (giotár agus amhránaí), Mark Hamilton (dordghiotár) agus Rick McMurry (drumaí) na ceoltóirí reatha atá sa bhanna. Bhí Charlotte Hatherly sa bhanna ó 1997 go 2006, sheinn sí giotár agus chan sí fonnadóireacht taca.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunú an bhanna, Trailer agus 1977 (1989-97)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sheinn Tim Wheeler agus Mark Hamilton le cheile i mbanna leagain Iron Maiden, darbh ainm Vietnam, ó 1989. Bhuail siad le drumadóir Rick McMurray agus bunaíodh Ash. Fuair siad an t-ainm as an fhoclóir agus bhí sé an chéad fhocal gur mhaith leo. Sa bhliain sin, rinne an banna trí théip shamplach - Solar Happy mí an Mheithimh, Shed i mí Mheán Fómhair agus an Home Demo i mí na Samhna. Beidh roinnt amhrán ó na téipeanna seo ar Trailer, mar shampla "Intense Thing", "Get Out", "Obscure Thing," agus "Jack Names the Planets".
Sa bhliain 1993, thaifead an banna an théip shamplach Garage Girl. Bhí "Jack Names the Planets" agus "Intense Thing" (de chuid Shed) ach amhráin nua fosta, san áireamh "Petrol", ar an théip. Tar éis Garage Girl, chuir siad téip díolama, darbh ainm Pipe Smokin' Brick amach. Thaifead an banna na téipeanna samplacha le ceoltóir Dhún Pádraig, Ray Valentine, ina stiúideo taifeadta, "Cosmic Rays". An an am, "Genuine Real Teenagers" ("déagóirí fíora dílse") a thugtar orthu mar bhí siad an-óg nuair a thaifead siad a n-ábhar luath (bhí siad ar scoil fós). Ní bhfuair na téipeanna go leor aird ach, sa bhliain 1994, chuala Stephen Taverner (nó "Tav") "Garage Girl" agus d'íoc sé as 1000 cóip de "Jack Names the Planets" a phreasáil ar a lipéad, La La Land. Rinneadh a mbainisteoir lánaimseartha dó fosta.
Chuir Ash an mionalbam Trailer, le seacht n-amhrán, amach i mí Dheireadh Fómhair 1994. Fuair siad am craolta le Steve Lemac ar Radio 1 agus d'eisigh siad cúpla singil eile, "Petrol" agus "Uncle Pat" ar a lipéad nua, Infectious Records. Sa bhliain 1995, d'fhág siad an scoil agus d'eisigh siad na singilí "Kung Fu", "Girl From Mars" agus "Angel Interceptor". Bhí "Kung Fu" ar na creidiúintí don scannán de chuid Jackie Chan, ''Rumble in the Bronx. Bhí dhá amhrán, "Jack Names the Planets" agus "Kung Fu", sa scannán Angus fosta, Ag deireadh na bliana sin, chuir Ash singil eagráin teoranta amach, bá leagan d'amhrán de chuid The Temptations é, "Get Ready".
Sa bhliain 1996, eisíodh na singilí, "Goldfinger" agus "Oh Yeah" leis an albam 1977. Bhí an t-albam ag uimhir 1 ar chairt albaim sa Ríocht Aontaithe. Bhí an traic "Lose Control" ar an fhíschluiche Gran Turismo. Ar 17 Feabhra 1997, chuir Ash albam beo amach, Live at the Wireless. Sa samhradh na bliana 1997, sheinn Ash i do phríomhoirfideach ag Féile Glastonbury.
Charlotte Hatherley, Nu-Clear Sounds agus Free All Angels (1998–2004)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis turais le Weezer, shíl Ash go raibh srian go sonach leis an banna triúir, mar sin, d'fhostaigh siad dara giotáraí, Charlotte Hatherly. Sheinn Hatherly leis an bhanna Nightnurse roimhe sin. Ba í A Life Less Ordinary a gcéad eisiúint le Hatherly. Bhí an t-amhrán sa scannán Ewan McGregor/Cameron Diaz leis an ainm céanna.
I mí Mheán Fómhair 1998, chuir Ash an singil "Jesus Says" agus an t-albam Nu-Clear Sounds an mí dár gcionn. Eisíodh an singil Wildsurf i mí na Samhna. Bá theip ó thaobh na tráchtála de agus i measc na léirmheastóirí é Nu-Clear Sounds. Bhí an banna spíonta tar éis turasóireacht agus bhí siad faoi bhrú. Sa bhliain 1999, chuaigh Wheeler ar iarraidh ar feadh tamall beag. Tháinig sé ar ais i Nua-Eabhrac agus rinne sé an físeán conspóideach don amhrán Numbskull.
Bhí an banna beagnach bancbhriste. D'fhill siad abhaile na hóige de chuid Wheeler agus scríobh siad amhráin nua. Eisíodh an singil Shining Light i mí Eanáir 2001, bhí sé ag uimhir 5 ar chairt sa Ríocht Aontaithe. Eisíodh an t-albam Free All Angels i mí Aibreáin 2001 agus chuaigh sé go huimhir 1 ar chairt albaim sa Ríocht Aontaithe, a ndara albam #1, agus bhí sé ag uimhir 2 ar chairt albaim na hÉireann. Eisíodh singilí eile: "Burn Baby Burn", "Sometimes", "Candy" agus "There's a Star". Sa bhliain 2002, eisíodh albam bailiúcháin, Intergalactic Sonic 7″s, le singil nua Envy.
Sa bhliain 2003, thuairiscigh na meáin go raibh Ash ag déanamh scannán sléachta darbh ainm "Slashed". Scannánaíodh ar thuras i Meiriceá é. Scríobh Jed Sheppard an script scannáin agus ba é Alexander Marks an stiúrthóir. Bhí príomhpháirteanna ag Chris Martin agus Jonny Buckland de chuid Coldplay. Bhí Moby, James Nesbitt, Dave Grohl agus Ash iad féin sa scannán fosta. Tá an scannán neamheisithe fós.
Meltdown agus imeacht Hatherley (2004-06)
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí Feabhra 2004, eisíodh an singil Clones trí íoslódáil agus eisíodh an singil Orpheus ar 3 Bealtaine. Ar 17 Bealtaine , d'eisigh Ash Meltdown agus bhí sé go huimhir 5 ar chairt albaim sa Ríocht Aontaithe agus uimhir 6 ar chairt albaim na hÉireann. Sa shamhradh céanna, chuir Hatherley albam aonair amach, Grey Will Fade. Chuir Ash na singilí, Starcrossed agus Renegade Cavalcade, ar 19 Iúil agus 6 Nollaig faoi seach. Thug an banna an t-amhrán Clones don fhíschluiche Star Wars, Republic Commando. Bhí "Meltdown" agus "Orpheus" sa fhuaimrian don scannán Shaun of the Dead. Bhí an t-amhrán Vampire Love sa scannán American Pie Presents: Band Camp.
Ar 20 Eanáir 2006, d'fhógair Ash gur fhág Hatherley an banna.
Twilight of the Innocents agus Sraith A-Z (2006–11)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2006, thosaigh na buncheoltóirí obair ar albam nua, Twilight of the Innocents, ina i a stiúideo nua i Nua-Eabhrac. Eisíodh an traic réamhléirithe, "I Started a Fire" i mí Feabhra 2007. Eisíodh an chéad singil fisiciúil ón albam, "You Can't Have It All", i mí Aibreáin 2007 agus eisíodh an t-albam an mí dár gcionn. Chuir siad na singilí eile, "Polaris" and "End of the World", i mí Meithimh agus mí Mheán Fómhair faoi seach. D'fhógair Ash gurbh é an t-albam seo a gceann deireanach é ach níl siad ag briseadh suas. Dúirt siad nach n-eiseoidh siad ach singilí. Luaigh siad athruithe sa tionscal an cheoil agus sa nósanna éisteachta.
Sa bhliain 2008, d'eisigh Ash leagan speisialta de 1977 le trí dhiosca. Sa bhliain 2009, thosaigh siad ag taifeadadh ábhair nua agus chuir siad an singil nua, "Return of the White Rabbit", amach. I mí Mheán Fómhair 2009, thosaigh Ash an tSraith A-Z agus d'eisigh siad singil nua gach coicís le bliain. Cuireadh na singilí seo le chéile ar dhá bhailiúchán níos déanaí. Chuaigh Russell Lissack (de chuid Bloc Party) sa bhanna mar ghiotáraí beo ó 2010 go 2011. Eisíodh an albam bailiúcháin, The Best of Ash, sa bhliain 2011. Sa bhliain chéanna, chomhoibrigh siad le We Are Scientists, agus d'eisigh siad leagan d'amhrán de chuid Robert Manning, "Washington Parks". Bhí an singil ag bailiú airgid ar son carthanachta. Cheiliúir siad an cuimhneachán deich mbliana ón eisiúint de Free All Angels sa bhliain 2011 agus d'athaontaigh siad Charlotte Hatherley do roinnt ceolchoirmeacha.
Kablammo! (2012-16)
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí an Mheithimh 2012, cheiliúir Ash fiche bliain le chéile agus rinne siad dhá cheolchoirm ceiliúrtha i mBéal Feirste agus Londain. Sa mí dár gcionn, chuir siad ceirnín leathfhada le leaganacha d'amhrán amach darb ainm Little Infinity. I mí na Samhna 2012, chuaigh siad ar thuras chun Mheiriceá agus rinne siad roinnt seó le Weezer fosta. Bhí siad ina mbanna tacaíochta ag Smashing Pumpkins i Wembley Arena sa bhliain 2013 agus sheinn siad ag an fhéile South by Southwest in Austin, Texas. Sa bhliain 2014, chuir Wheeler albam aonair, Lost Domain, amach.
Cé go ndúirt siad nach n-eiseoidh albam eile arís, d'eisigh siad albam nua, Kablammo!, i mí na Bealtaine 2015. Eisíodh an singil "Cocoon" roimh an t-albam agus eisíodh "Free" and "Machinery" ina dhiaidh sin. I mí na Nollag, chuir siad an t-albam beo, Live on Mars: London Astoria 1997, amach agus chuaigh siad ar thuras.
Islands, Race the Night agus Ad Astra (2017-inniu)
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 18 Bealtaine 2018, d'eisigh siad an t-albam Islands. Eisíodh an singil "Buzzkill" (le Damien O'Neill agus Mickey Bradley, de chuid The Undertones ar fhonnadóireacht taca) roimh an t-albam. Chuir siad na singilí, "Annabel" agus "Confessions in the Pool",", i mí Aibreáin 2018 agus i mí mí na Bealtaine 2018 faoi seach.
I mí na Bealtaine 2009, d'eisigh siad boscra, le deich ceirnín seacht horlaí, darb ainm Ash – 94-04: The 7” Singles Box Set. Ar 14 Feabhra 2020, d'eisigh siad albam díolama nua, darb ainm Teenage Wildlife: 25 Years of Ash. Phleanáil an banna dul ar thuras ach cuireadh na ceolchoirmeacha siar mar COVID-19.
Ar 14 Meitheamh 2023, d'eisigh siad an singil "Race the Night" agus eisíodh an t-albam leis an ainm céanna ar 23 Meán Fómhair. Eisíodh na singilí "Like a God" agus "Usual Places" fosta.
I mí Aibreáin 2025, d'eisigh Ash leagan d'amhrán de chuid Harry Belafonte, Jump in the Line. I mí Iúil, d'fhógartha siad albam nua, darb ainm Ad Astra, go n-eiseoidh sé ar 3 Deireadh Fómhair 2025. Eisíodh an singil "Give Me Back My World" fosta.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Albaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Trailer - mí Dheireadh Fómhair, 1994
- 1977 - 6 Bealtaine, 1996
- Nu-Clear Sounds - 5 Deireadh Fómhair, 1998
- Free All Angels - 23 Aibreán, 2001
- Meltdown - 17 Bealtaine, 2004
- Twilight of the Innocents - 2 Iúil, 2007
- Kablammo! - 20 Aibreán, 2015
- Islands - 18 Bealtaine, 2018
- Race the Night - 15 Meán Fómhair, 2023
- Ad Astra - 3 Deireadh Fómhair, 2025
Beo
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Live at the Wireless - 17 Feabhra, 1997
- Live on Mars: London Astoria 1997 - 2 Nollaig, 2016
Bailiúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Intergalactic Sonic 7″s - 9 Meán Fómhair 2002
- A-Z Volume 1 - 19 Aibreán, 2010
- A-Z Volume 2 - 25 Deireadh Fómhair, 2010
- The Best of Ash - 3 Deireadh Fómhair, 2011
- Teenage Wildlife: 25 Years of Ash - 14 Feabhra, 2020
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- No One Said It Was Going to Be Easy - 1997
- Tokyo Blitz - Nollaig, 2001
Ceoltóirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tim Wheeler, giotár agus amhránaí (1992 - inniu)
- Mark Hamilton, dordghiotár (1992 - inniu)
- Rick McMurry, drumaí (1992 - inniu)
Iarbhall
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Charlotte Hatherly, giotár agus fonnadóireacht taca (1997 - 2006, aoi:2011, 2022)
Beo
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Russell Lissack – giotár (2010 – 2011)
- Alan Lynn, drumaí (2011, aoi:2012)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |