Jump to content

Asaint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAsaint

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 58° 12′ 54″ N, 5° 03′ 00″ O / 58.215°N,5.05°W / 58.215; -5.05
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle na Gàidhealtachd Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,011 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil

Is paróiste riaracháin nó 'sgìre' in iarthuaisceart na hAlban í Asaint. Tá sí ina chomhpháirt den chontae traidisiúnta Cataibh, Comhairle na Gàidhealtachd. Tá Asaint suite taobh ó thuaidh d'Ulapul. Tháinig an t-ainm ón sean-Lochlannais agus ciallaíonn sé 'deireadh an droma'. Is é Loch an Inbhir an baile is mó in Asaint.

Cruth na tíre

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú ar Asaint mar gheall ar a tírdhreacha.

Anaclann Náisiúnta Dúlra Chreag a' Chnocain (Béarla: Knockan Crag National Nature Reserve) ann agus ionad cuairteoirí ann a thugann léirmhíniú ar an ghné geolaíochta Sá-éascan a'Mhoine (Béarla: Moine Thrust), mar chuid de Geopháirc Iar-Thuath na Gàidhealtachd.

Uaimh an Chlaoin, an uaimh is faide in Albain sa cheantar seo, suite 5 mhíle (8.0 km) ó dheas d'Innis nan Damh.