Arthur Kingsley Porter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaArthur Kingsley Porter

(1933) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Feabhra 1883
Connecticut, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Iúil 1933
50 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Yale Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí na healaíne, meánaoisí, seandálaí, staraí na hailtireachta, staraí, grianghrafadóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Harvard (1920–)
Ollscoil Yale Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileLucy Wallace Porter (1912–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Seandálaí agus meánaoisí ba ea Arthur Kingsley Porter (6 Feabhra 1883 – 8 Iúil 1933) agus milliúnaí Meiriceánach ba ea é chomh maith.

Fear homaighnéasach, phós Porter Lucy Bryant Wallace in 1912

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba sheandálaí meánaoise é Kingsley Porter. Bhí breis agus a dhóthain de mhaoin an tsaoil aige, é sona sásta ina shaol pósta, an-cháil air mar sheandálaí agus post sócúl aige in Ollscoil mór le rá Harvard. Bhí saol an mhadra bháin ag Kingsley Porter, ar an gcéad dul síos. Lena chois sin, ba leis an gcaisleán agus an t-eastát i nGleann Bheatha, Contae Dhún na nGall.[1]

Ar 8 Iúil 1933 san oíche, chuaigh Kingsley Porter ar strae. Ach níor thángthas ar a chorp riamh Bhí bothán nó teach beag aige ar Inis Bó Finne, amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh agus bhí sé ann an oíche sin. Níl a fhios againn ar chuir sé lámh ina bhás féin, ar thit sé isteach san fharraige trí thimpiste nó ar imigh sé ón oileán faoi rún, b’fhéidir chun na mór-roinne le saol homaighnéasach a bheith aige. Bhí sé pósta ach fear homaighnéasach a bhí ann.[2]

Chinn an t-ionchoisne, bunaithe ar fhianaise a mhná céile, gur bádh Kingsley Porter. Glacadh le tuairim a mhná céile, Lucy, gur thit sé le faill agus gur scuabadh a chorp chun siúil sa bhfarraige.

Níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ráflaí agus seanchas sa timpeall le blianta a mhaíonn gur scéal bréige a bhí anseo agus go raibh Kingsley Porter ag éalú chuig saol nua.[3]

Nochtadh leacht ar an oileán sa bhliain 2021 i gcuimhne orthu siúd a raibh baint acu leis an oileán a bádh. Ach ní raibh ainm Kingsley Porter greanta sa chloch.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ar Iarraidh – Scéal Arthur Kingsley Porter, clár TG4[5][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Seán Ó Dubhchon (2023-07-20). "'Ní raibh bac ar bith ar an homaighnéasacht in Éirinn roimh an bPlandáil'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-07-20.
  2. 2.0 2.1 "Ar Iarraidh Kingsley Porter (1-1) | Player | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as en-ie) . 
  3. Breandán M Mac Gearailt (2022-09-02). "CULTÚR: Kevin Morby, filleadh The Wrath of Khan, scéal Arthur Kingsley agus dráma faoin deoraíocht teanga" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-20.
  4. Breandán M Mac Gearailt (13 Meán Fómhair 2022). "Bá, bás bréige, seanchas agus uisce fé thalamh ar Inis Bó Finne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-20.
  5. David Roy (2022-09-03). "Irish language documentary probes mystery of US millionaire who vanished in 1930s Donegal" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-07-20.