Artemis Fowl

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharArtemis Fowl
(en) Artemis Fowl
(cy) Artemis Gwarth Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarEoin Colfer
Giovanni Rigano
Paolo Lamanna Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla na hÉireann agus an Bhreatnais Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire agus an Bhreatain Bheag, 2001
2008 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirViking Press agus Gwasg Gomer
Tréith
Seánrafantaisíocht agus ficsean do dhaoine fásta óga Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na leathanach336 Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Artemis Fowl Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir OCLC46493219, 436317652 agus 124088125 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinbooks.disney.com… Cuir in eagar ar Wikidata
Archive.org: artemisfowletern00colf
Musicbrainz: 2293df54-3571-4cb1-9758-a0be7094f988 Cuir in eagar ar Wikidata

An chéad úrscéal i sraith leabhar fantaise le haghaidh déagóirí, scríofa ag an scríbhneoir Éireannach, Eoin Colfer.[1] Máire Nic Mhaolain a d'aistrigh go Gaeilge é.[2]

Foilsiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh ar dtús é i mí Aibreáin 2001 ag Viking Children's books. Cuireadh ar fáil é mar leabhar faoi chlúdach crua in Éirinn agus i Sasana leis an uimhir ISBN 0-670-91133-X.

Foilsíodh sna Stáit Aontaithe den chéad uair é i mBealtaine 2001 ag Miramax. I Meán Fómhair na bliana sin, cuireadh amach arís in Éirinn agus i Sasana é faoi chlúdach bog, agus ansin níos déanaí i SAM.[3]

Nóta ar an Scríbhneoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eoin Colfer

Rugadh é i Loch Garman sa bhliain 1965. Tógadh é agus a cheithre deartháireacha ansin ag a athair (a bhí ina mhúinteoir scoile, staraí agus ealaíontóir) agus a mháthair (múinteoir drámaíochta). Ba é an chéad leabhar a d'fhoilsigh sé ná Benny and Omar i 1988, agus bhí sé bunaithe ar a thaithí sa Túinéis. D’oibrigh sé mar mhúinteoir go dtí 2001, nuair a foilsíodh an leabhar Artemis Fowl.[4]

Chomh maith leis an tsraith Artemis Fowl agus Benny and Omar, tá ocht leabhar scríofa aige do pháistí agus do dhéagóirí óga.

Tá bean chéile agus beirt pháistí aige agus cónaíonn sé i Loch Garman.[5][6]

Coimriú Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Artemis Fowl II, aois 12, an mac le Artemis Fowl I, coirpeach cumachtach Éireannach. Is buachaill sarthréitheach é, atá i gceannas ar shaibhreas a theaghlaigh. Tá a athair ar iarraidh áfach, agus a mháthair as a meabhair agus toisc sin caitheann sé a chuid ama leis an gcúntóir atá aige, an Buitléireach.

Osclaíonn an scéal i gcathair Ho Chi Minh, áit a bhfuil Fowl agus An Buitléireach, ag bualadh le fear a dhearbhaíonn go mbeadh sé in ann cabhair a thabhairt dóibh agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar leabhar draíochta. Buaileann siad le síofróg, a bhfuil cuma Ící uirthi, a thugann deis dóibh breathnu ar An Leabhar Daonna ionas go dtabharfaidh Artemis a cuid draíochta ar ais di.

Ag an am céanna, tá troll á lorg san Iodáil ag an gCaptaen Holly Short. Is lucharachán í Holly, atá ag obair le haghaidh an Fórsa LEPrecon. Gabhann sí an troll, ach úsáideann sí an chuid deireanach den draíocht atá fágtha aici chun é sin a dhéanamh. Nuair a théann Holly chun a draíocht a spreagadh arís, gabhann an Buitléireach agus Artemis í.

Déanann an chuid eile den ghrúpa LEPrecon iarracht Holly a shábháil ó Mhainéar Fowl, agus eiríonn le hArtemis iad a stopadh.

Buaileann Artemis leis an té atá i gceannas ar an bhfoireann LEPrecon, Julius Root, ag rá go bhfuil ór ag teastáil uaidh chun go ligfeadh sé a phriosúnach saor. Nochtann Root, áfach, go bhfuil an t-am stoptha aige timpeall Mhainéar Fowl agus nach mbeadh Fowl in ann éalú ón mbuama atá acu. Toisc seo, dar le Root, ní ceart go mbeadh Fowl ag fógairt céard a theastaíonn uaidh. Insíonn Fowl leis, áfach, go bhfuil bealach aimsithe aige chun an stopadh ama a bhriseadh, agus toisc sin ní bheadh aon éifeacht ag an mbuama air.

Ag an am céanna, éiríonn le Holly a draíocht a fháil ar ais agus éalaíonn sí ón gcillín ina bhfuil sí trí chleas a imirt ar dheirfiúir an Buitléirigh.

Agus í ag imeacht, buaileann sí leis an mBuitléireach atá gortaithe i ndiaidh dó a bheith ag troid leis an troll a bhí á lorg ag Holly san Iodáil agus atá anois saor sa Mhainéar Fowl. Sabhálann Holly an Buitléireach agus éiríonn leo an troll a stopadh. Sula n-imíonn Holly, tugann Artemis leath den ór atá faighte aige ar ais di agus an t-aon rud a theastaíonn uainn dó ná mian draíochta amháin.

Agus Holly imithe, osclaíonn Artemis deochanna le haghaidh gach duine fágtha sa Mhainéar, a chuireann iad ar fad ina gcodladh. Agus iad ina gcodladh,pléascann an LEPrecon an buama atá acu. Nuair a fhiosraíonn siad an mainéar ina dhiaidh, foghlamaíonn siad gur éiligh Artemis Fowl agus iad a bhí sa mhainéar ón stopadh ama toisc go ndeachaigh siad ina gcodladh. D'oibrigh Artemis amach go scaoiltear daoine ón stopadh ama agus iad ina gcodladh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil cead ag Artemis an t-ór a thóg sé a choimeád toisc go bhfuil riail ann go bhfuil duine in ann ór a bhaineann le síóg a choimeád dá mba rud é go n-éiríonn leis an láimh in uachtar a fháil uirthi.

Ina dhiaidh sin, tagann máthair Artemis anuas an staighre, agus an meabharghalar a bhí aici imithe, toisc gur úsáid Artemis a mhian draíochta chun a sláinte a thabhairt ar ais di. Is ar Lá Nollag a tharlaíonn sé seo.[7]

Cód[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Teanga 'Gnommish' atá le feiceáil ag bun gach leathanigh sa leabhar.

Ag bun gach leathanaigh sa leabhar, tá réimse siombailí le feiceáil. Pictiúir atá iontu, de ghnáth a bhaineann leis an nádúr. Baineann siad seo leis an teanga fhicseanúil, 'Gnommish,' ón leabhar. Is rúnscríbhinn é an leagan atá le fáil sa leabhar, ag a bhfuil brí le fáil don té a bhfuil in ann an cód a bhriseadh. Tugtar nod sa leabhair i bhfoirm sliocht ón Leabhar Daonna, agus an teanga ina scríbhtear é sin.[8]

Leagan Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Máire Nic Mhaoláin a rinne Artemis Fowl a aistriú go Gaeilge. Ise a rinne an leagan Gaeilge de Harry Potter agus an Órcloch. Thóg sé sé mhí uirthi Artemis Fowl a aistriú.

Sé an dearcadh a bhí ann agus an t-aistriúcháin á ordú ag na foilsitheoiri ná go raibh na leabhair ag déanamh go maith as Béarla agus bhí Ceapadh go mbeadh éileamh ar an leagan Gaeilge chomh maith. Dúirt Michael McLoughlin, ó Penguin Ireland, go raibh a fhios acu go raibh spéis mhór ag páistí i leabhair Artemis Fowl. Rinneadh é a aistriú toisc an éileamh atá ann do leabhair tráthúla as Gaeilge i scoileanna. Dár le Nic Mhaoláin, bhí an t-aistriúcháin ar Artemis Fowl go hiomlán difriúil ó Harry Potter, cé gur bhain an dá leabhair le draíocht. Baineann an leabhar Artemis Fowl úsáid as i bhfad níos mó béarlagair agus teanga nua-aimseartha.[9]

Naisc Eachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]