Ararút

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Maranta arundinacea, foinse amháin ararúit

Saghas stáirse a fhaightear ó fhréamhacha tiúbracha cuid mhaith plandaí is ea ararút. An ceann is tábhachtaí is ea an t-ararút iarindiach, planda ilbhliantúil ríosómach a fhásann 2 m ar airde, dúchasach do Mheiriceá Theas, na duilleoga le bunanna truailleacha, na seipil is na peitil i dtríonna. Saothraítear sna trópaicí sa Domhan Úr é in áit an stáirse inite. Faightear an t-ararút oirindiach ó phlanda atá gaolmhar le sinséar, ararút Queensland, ó shaghas canna, agus ararút Portland, nach bhfuil inite is a d'úsáidtí roimhe seo i níochán éadaí, ón gcluas chaoin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ararút". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 46.