Aragorn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAragorn

Cuir in eagar ar Wikidata
CineálMiddle-earth man (en) Aistrigh
fantasy film character (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agJ. R. R. Tolkien Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agViggo Mortensen Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharTiarna na bhFáinní, The Lord of the Rings: The Return of the King, The Lord of the Rings: The Fellowship of the Ring, The Lord of the Rings: The Two Towers, The Silmarillion agus appendices of The Lord of the Rings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CruinneTolkien's legendarium (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
SpeiceasRangers of the North (en) Aistrigh agus Dúnedain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathaclaimhteoir agus ceannaire míleata Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileArwen Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairGilraen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairArathorn II (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíEldarion Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CúramKing of the Reunited Kingdom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AirmAndúril (en) Aistrigh agus Narsil (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir deElessar (en) Aistrigh, Brego, Andúril (en) Aistrigh agus Elendilmir (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Carachtar tábhachtach i dTiarna na bhFáinní, úrscéal J. R. R. Tolkien, is ea Aragorn, mac Aratħorn. Ba iad Aratħorn agus Gilraen a thuismitheoirí, agus rugadh ar an 1 Márta 2931 den Tríú hAois é. Duine d'Fhánaithe an Tuaiscirt (Rangers of the North) ab ea é, agus mar sin, ba de shliocht mhuintir Númenór é. Fuair Arathorn, athair Aragorn, bás agus é ag cur catha ar na hOirc, nuair nach raibh Aragorn ach dhá bhliain d'aois. Ina dhiaidh sin, tugadh go Ghleann na Scoilte é, agus ba tiarna Ghleann na Scoilte é, Elrond, seanchaí mór na nEalbh, a thóg é. Is é an t-ainm a bhí air i dtinteán Elrond ná Estel, a chiallaíonn "Dóchas". Nuair a tháinig sé i mbun a mhéide sa bhliain 2951, áfach, chuir Elrond ar an eolas é faoina oidhreacht.

Thit Aragorn i ngrá le hArwen Undómiel, iníon Elrond, faoin am seo. Ar dtús, áfach, chuaigh sé i gceannas ar na Dúnedain, is é sin, ar Fhánaithe an Tuaiscirt, nó bhí Arathorn ina thaoiseach orthu roimhe seo. Sa bhliain 2965, fuair sé an chéad aithne ar Gandalf, an draoi, agus d'éirigh sé mór leis. D'iarr Gandalf ar a chara súil a choinneáil ar na Hobaid sa tSír agus iad a chosaint ar na hOirc agus ar na neachanna dainséaracha eile.

Sna blianta 2957-2980, bhí Aragorn ag taisteal ar fud an Mheán-Domhain, agus chaith sé seal sna saighdiúirí i Rochainn agus i nGondor. Is é an t-ainm a bhí air in arm na Rochann ná Tħorongil, nó Iolar na Réalta. Sa bhliain 2980, ghlac sé páirt sa chogadh a chuir Gondor ar na foghlaithe mara in Umbar. I ndiaidh an chogaidh sin, thug sé a aghaidh soir.

Sa bhliain chéanna, chuaigh sé ar cuairt go Lórien, áit ar casadh Arwen air arís. Ba ansin a thug siad gealladh pósta dá chéile, agus thoiligh Arwen bás a fháil ar nós na ndaoine daonna. Ní cheadódh Elrond, athair Arwen, don lánúin pósadh sula mbeadh Aragorn ina Rí ar Gondor agus ar Arnor araon.

Roimh thús na n-imeachtaí san úrscéal, thug Aragorn cuairt ar Moria, seanáitreabh na nAbhac, agus ar Harad, an Deisceart, "áit a bhfuil na réaltaí féin coimhthíoch", ach níor mhínigh Tolkien go cruinn, cén t-am a tharla na turasanna seo.

Maidir le Tiarna na bhFáinní féin, sa chéad imleabhar, Fellowship of the Ring, is túisce a chastar Aragorn orainn. Chuaigh Fródó agus a chairde, Sam Gamgee, Merry Brandybuck agus Pippin Took, go Brae (Bree) ar dtús, is é sin, coilíneacht Hobadach taobh amuigh den tSír (Shire). Bhí Aragorn seacht mbliana is ceithre scór d'aois san am, ach b'ionann sin agus é a bheith i mbarr a mhaitheasa, ós rud é gur duine de shliocht fhadsaolach Númenór a bhí ann. Fuair sé ordú ó Gandalf aithne a fháil ar na Hobaid agus iad a chosaint ar an mbealach go Rivendell. Buaileadh na Hobaid air Tigh Chapaillín na Pocléime, teach tábhairne áitiúil arbh é Barliman Butterbur a úinéir. I dtús báire, bhí siad drochamhrasach ina leith, ach nuair a tháinig chun solais go raibh sé mór le Gandalf, cheadaigh siad dó iad a thionlacan go Rivendell. Bhí na Marcaigh Dhubha (Nazgûl), searbhóntaí an Tiarna Dhuibh, Sauron, sna sálaí acu cheana féin, ach le cuidiú Aragorn, bhain siad amach Rivendell.

Nuair a bhí siad i nGleann na Scoilte, chuaigh ionadaithe ó na hEilbh, na Daoine agus na hAbhaic i ndáil chomhairle le chéile ansin, agus tháinig siad ar an gcinneadh an Fáinne a chur go Sliabh na Cinniúna in éineacht. Bhí Aragorn ar dhuine acu siúd a ghlac orthu féin Fródó a thionlacan go Mordor, chomh maith le Merry, Pippin, Sam Gamgee, Boromir ó Gondor, an tAbhac Gimli, an tEalbh Legolas, agus ar ndóigh, Gandal. I Rivendell, gaibhníodh claíomh nua as smionagar an tseanchlaímh úd Narsil, agus fuair Aragorn an claíomh úrdhéanta seo, ar ar bhaist sé an t-ainm Andûril, Bladhaire an Iarthair. Ba le hElendil, rí ársa na nDúnedain, an claíomh sin Narsil ar dtús, agus mar sin, shiombalaigh athghaibhniú an chlaímh an ról a bhí ag Aragorn in imeachtaí an úrscéil, nuair a d'athbhunaigh sé ríocht chlann Elendil.

Nuair a bhí an tionlacan ag dul trí phoill mhianaigh Moria, tháinig searbhóntaí Sauron anuas orthu. Bhí siad in ann troid a chur ar a son a fhad is nach raibh ach Oirc i gceist, ach nuair a fuair siad Balrog - cineál spiorad tine - rompu, bhí droch-chuma ar an scéal ar fad. D'éirigh le Gandalf an Balrog a chloí, ach cailleadh sa teagmháil é, mar a chonacthas d'Aragorn agus do lucht eile an tionlacain. Ina dhiaidh sin, tháinig scaipeadh i lucht an tionlacain, nuair a d'ionsaigh na hOirc iad. Fuair Boromir bás sa teagmháil sin. I dtús báire, bhí Boromir faoi dhraíocht ag an bhFáinne, agus thug sé iarracht é a sciobadh ó Fródó le go bhféadfadh sé a úsáid féin a bhaint as. Ansin, áfach, tháinig na hOirc, agus d'íobair Boromir é féin leis na hobaid a chosaint, ó bhí náire air as an dóigh ar shantaigh sé an Fáinne roimhe sin. Nuair a d'éalaigh Fródó agus Sam leo, chaill Aragorn gach radharc orthu. Maidir le Merry agus Pippin, bhí siadsan fuadaithe ag na hOirc, agus chrom Aragorn ar iad a lorg in éineacht leis an Abhac Gimli agus leis an Ealbh Legolas.

Nuair a bhí an triúr acu ag leanúint na nOrc, casadh buíon de mharcaigh Rochannacha orthu. D'iompaigh sé amach go raibh na Rochannaigh tar éis cath mór a chur ar bhuíon d'Oirc, agus d'éirigh Aragorn buartha gurbh fhéidir gur mharaigh na Rochannaigh iad gan iad a aithint thar na hOirc. Mar sin féin, i ndiaidh iarsmaí na troda a iniúchadh, fuair Aragorn dóchas arís go raibh Merry agus Pippin beo beathaíoch go fóill, agus chuaigh seisean, Legolas agus Gimli ag cuardach Choill Fangorn in aice le Bearnas na Rochann. Níor tháinig siad ar na hobaid ansin, ach fuair siad rompu Gandalf, a bhí faoi ghairm chun beo arís le cabhrú sa chogadh a bhí le cur ar Sauron. D'inis Gandalf dóibh go raibh Merry agus Pippin slán sábháilte, ó bhí Crannfhéasóg, an fathach crannchosúil - an tEinteach - a bhí i gceannas ar an gcoill go léir, ag tabhairt faire don bheirt hobad.

Chuaigh an ceathrar acu go hEdoras, áit a raibh cúirt Tħéoden, rí na Rochann. Bhí Tħéoden faoi gheasa ag Saruman, agus spiaire de chuid an draoi chéanna, Gríma "Teanga na Péiste", tar éis an-chumhacht a bhaint amach sa chúirt. D'éirigh le hAragorn, áfach, Tħéoden a chur ar bhealach a leasa arís. Ansin, chuaigh Aragorn agus Théoden chun cogaidh in éineacht le sluaite armtha na Rochann chun Saruman agus a chuid Orc a chloí. Nuair a tháinig siad a fhad leis an Daingean Iarainn (Béarla: Isengard), an daingean ina raibh cónaí ar Saruman, bhí an áit treascartha cheana féin, agus Merry is Pippin ag caitheamh píopa ar a socairshuaimhneas amuigh ar an tairseach. Is é rud go raibh na hEintigh dubh dóite den dóigh a mbíodh na hOirc ag leagan agus ag dó crann agus ag déanamh damáiste do Choill Fangorn, agus idir an dá linn, d'éirigh siad féin amach in aghaidh Saruman agus shealbhaigh siad a bhunáit.

Nuair a thosaigh an cogadh idir Gondor agus sluaite Sauron, thug Aragorn a aghaidh ar Chosáin na Marbh. San áit seo a bhí cónaí ar Fhir Mharbha Dúnharg. Bhí na fir seo fágtha ina dtaibhsí i ndiaidh dóibh an mionn a bhriseadh a thug siad d'Isildur, duine de shinsir Aragorn, ach ó bhí Aragorn ina oidhre ar Isildur, bhí sé in ann gairm chogaidh a chur ar na marbháin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]