Númenor

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Oileán samhailteach sa Mheán-domhan is ea Númenor. Bhí an t-oileán úd Númenór suite san Fharraige Mhór - nó sna Farraigí Dealaitheacha, The Sundering Seas - idir Aman agus an Meán-Domhan. Bhronn na Valar ar na Daoine é, ó tháinig na Daoine chun fortachta do na hEilbh le linn Chogadh na Seod, cogadh a chuir na hEilbh ar Morgotħ, an Vala a d'iompaigh ina "dhiabhal". Mar sin, thug muintir Númenór Yôzâyan, nó Tír an Bhronntanais, ar Númenór ina dteanga féin, an teanga Adûnaic. Bhí teangacha na nEalbh, an teanga Sindarin agus an teanga Quenya, á labhairt is á staidéar go forleathan i Númenór.

Bhí déanamh na réalta ar Oileán Númenór, agus é roinnte ina shé réigiún: an cúig leithinis (Andustar, Hyarnustar, Hyarrostar, Orrostar agus Forostar) agus an séú réigiún i lár an oileáin (Mittalmar). I lár Mittalmar a bhí sliabh Meneltarma, agus ar mhullach an tsléibhe, thagadh slua mór de mhuintir an oileáin le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, le hErukyermë (teacht an Earraigh), Erulaitalë (lár an tsamhraidh) agus Eruhantalë (altú an fhómhair) a cheiliúradh agus buíochas is urraim a thabhairt d'Eru Ilúvatar. B'é Armenelos príomhchathair Númenór, agus bhí an cuan úd Rómenna in oirthear an oileáin suite taobh istigh de chríocha Mittalmar, idir an dá leithinis úd Orrostar agus Hyarrostar.

D'iompaigh muintir Númenór ina seoltóirí agus ina mairnéalaigh mhóra, go háirithe faoi cheannas Vëantur, a bhí ina cheannasaí ar chabhlach an rí (tá cur síos air seo le léamh sa scéal Aldarion and Erendis, sa leabhar Unfinished Tales). Bhí sé de gheasa orthu, áfach, gan seoladh chomh fada siar leis an Ríocht Bheannaithe. I rith an ama, thosaigh an cosc seo ag cur isteach orthu, ó shíl siad go mbeadh neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí suthain ar fáil sna Tailte Neamhbhásmhara. Sa deireadh, d'éirigh siad as Eru Ilúvatar a urramú agus teangacha na nEalbh a labhairt. Ansin, ghléas an rí Ar-Pharazôn fórsa sluaíochta de longa leis an Ríocht Bheannaithe a ionsaí agus an neamhbhásmhaireacht a bhaint amach do na Daoine le lámh láidir. Nuair a chuaigh an fórsa sluaíochta i dtír thiar in Aman, áfach, tháinig feirg ar Eru Ilúvatar, agus bhain sé an Bronntanas de na Daoine: chuir sé Númenór i dtóin phoill leis an gcuid is mó de mhuintir an oileáin.

Ar dtús, diosca mín leibhéalta ab ea Imbar. Nuair a chuaigh muintir Númenór in anuabhar air, áfach, chuir Eru Ilúvatar athrú cuma ar an domhan: bhain sé an Ríocht Bheannaithe de dhromchla an Domhain, agus rinne sé liathróid de: anois, má chuaigh longa na ndaoine ar lorg Aman, níor tháinig siad sa deireadh ach ar an áit ar imigh siad.