Apia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Apia

Is é Apia príomhchathair Shamó, san Aigéan Ciúin, agus an chathair is mó sa tír. Tá Apia suite ar an oileán Upolu, ar lár an chósta thuaidh. Bhí 37,735 duine ina gcónaí in Apia sa bhliain 2011.

Bhí Apia ina phríomhchathair ó na 1950idí i leith. Bhí baile beag ann ina raibh cónaí ar bheagán breis agus 300 duine sular chéad tháinig na cumhachtaí Eorpacha ar an láthair. Chuaigh na Briotanaigh, na Gearmánaigh agus na Meiriceánaigh i gcoimhlint agus gach dream acu ag iarraidh smacht fháil dóibh féin ar Shamó. Sa bhliain 1889, bhí 7 long de chuid na trí thír sin sa chuan ag Apia, agus cogadh ar tí pléascadh, nuair a tháinig anfa aniar aduaidh orthu. Chuaigh 6 cinn de na long go tóin an farraige agus 200 mairnéalach Gearmánacha agus Meiriceánacha básaithe. I ndeireadh na dála, d'éirigh leis na Gearmánaigh an dul i gcumhacht ar Shamó.

Apia a bhí mar phríomhchathair ar Shamó na nGearmánach ó 1900 go 1914. Lean Apia mar phríomhchathair faoi na Nua-Shéalannaigh ó 1914 go 1962, bliain ar bhain na Samóigh a neamhspleáchas amach. Sa bhliain 1929 mharaigh na Nua-Shéalannaigh deichniúr le linn léirsiú síochánta, taoiseach Samóch ina measc. Chuir na Nua-Shéalannaigh piléar ina droim agus é ag iarraidh oird agus ciúnais a chothú. "Black Saturday" a thugtar ar an mí-eachtra. Ghabh Helen Clarke, príomh-aire na Nua-Shéalainne, leithscéal oifigiúil as an tragóid sa bhliain 2002. Choimeád na Samóigh a bpríomhchathair in Apia i ndiaidh an neamhspleáchais.

Ardeaglais Apia