Aodh mac Conchúir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAodh mac Conchúir
Ainm sa teanga dhúchais(sga) Áed mac Conchobair
Beathaisnéis
Bás888 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
AthairConchúr mac Taidhg Mhóir

Rí na gConnacht de chlann UI Bhriúin ba ea Aodh mac Conchúir (Sean-Ghaeilge Áed mac Conchobair) (bás 888). Conchúir mac Taidhg Mhóir (bás 882), ba ea a athair. Bhí sé an chéad de thriúr dheartháireacha as a chéile a ndearnadh ríthe Chonnacht díobh.[1] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i réim ón mbliain 882 go dtí 888.

Le linn réimeas Aodha, bhí coimhlint leis na Lochlannaigh. Sa bhliain 887, chloígh na Connachta na Lochlannaigh as Luimneach.[2] Sa bhliain 888, maraíodh Aidhm i gCath na nOilithreach (Cath ind ailithir[3]), inar cloíodh an tArdrí,Flann Sionna (bás 916) ag Lochlannaigh Átha Cliath.[4]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Annála Uladh
  • Chronicum Scotorum
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 20
  2. Chronicum Scotorum, CS 887
  3. ailithir, oilithreach, eachtrannach, ar eDIL
  4. Annála Uladh, AU 888.5


Teimpléad:Connachta