António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (pt) António Caetano de Abreu Freire de Resende 29 Samhain 1874 Avanca, An Phortaingéil |
Bás | 13 Nollaig 1955 81 bliana d'aois Liospóin, An Phortaingéil |
Ambasadóir | |
Aire Gnóthaí Eachtracha | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Choimbra Ollscoil Liospóin |
Céim acadúil | Dochtúir Eolaíochtaí |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Néareolaíocht |
Gairm | polaiteoir, múinteoir ollscoile, síciatraí, néareolaí, néaramháinlia, eolaí néarchórais, dochtúir leighis, taidhleoir |
Fostóir | Ollscoil Choimbra Ollscoil Liospóin |
Ball de | |
Teangacha | An Phortaingéilis |
Gradam a fuarthas
| |
Néaramháinlia is taidhleoir a rugadh in Avença na Portaingéile ab ea António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz (29 Samhain 1874 – 13 Nollaig 1955).
Aithnítear é mar bhunaitheoir na síceamháinliachta nua-aimseartha.
Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1949 le Walter Hess as gearradh na néaróg ceangailte idir an maothán réamhthosaigh san inchinn is an chuid eile den inchinn (lóbaitime) a fhorbairt mar chóireáil bhunúsach ar mhí-eagair mheabhracha áirithe.
D'fhorbair sé an aingeaghrafaíocht freisin chun siadaí inchinne a dhiagnóisiú.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 240.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |