Anna Couani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnna Couani

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Aibreán 1948
76 bliana d'aois
Sydney, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sydney
Sydney Teachers College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, foilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinannacouani.com%20Anna%20Couani Cuir in eagar ar Wikidata

File Astrálach, eagarthóir agus amharcealaíontóir is ea Anna Couani (1948-).

Rugadh Anna Couani in Sydney in 1948 agus í ar an bpáiste ba shine de cheathrar clainne de John Couani agus de Stefania Siedlecky, dochtúirí. Ba de shliocht Polannach agus Breatanach a máthair agus ba de shliocht Gréagach a hathair.[1] Rinne sí staidéar ar ailtireacht ag Ollscoil Sydney agus fuair MA i mBéarla a Mhúineadh mar Theanga Neamhdhúchasach ó Ollscoil Teicneolaíochta Sydney.[1] Ina saothar go léir tá aird aici ar ghnéithe imeallaithe de shaol na mban.

Bhí suim aici in ealaín choincheapúil agus rinne sí caidreamh le healaíontóirí agus scríbhneoirí ceannródaíocha eile. Thosaigh sí ag scríobh filíocht phróis i lár na 1970idí agus d’fhoilsigh an chéad chnuasach aici, Italy, in 1977. Tháinig spéis aici i bhfoilsitheoireacht mhionphreasa agus chuir an tsraith leabhar Sea Cruise Books amach anuas go dtí 1989, ag foilsiú filíocht le Couani, Kris Hemensley, Joanne Burns agus eile. Bhí lámh aici i mbunú chraobh Sydney den Poets’ Union ach ba dhóigh léi go raibh sí claonta in aghaidh aigne na mban, agus in 1978 chuidigh leis an Sydney Women Writers Workshop a bhunú. Sna 1980idí d’fhoilsigh sí chnuasaigh eile, leithéidí Were all Women Sex Mad? and other stories (1982), The Train (1983) agus The Harbour Breathes (1989). Tháinig a húrscéal The Western Horizon amach mar shraithscéal san iris HEAT idir 1996 agus 2000. Tugtar gearrfhicsean nó filíocht phrós ar a saothar, ach tá claonadh aici chun na difríochtaí sin a mhaolú.[1]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht

  • Were all Women Sex-mad? & Other stories. (Melbourne : Rigmarole, 1982) ISBN 978-0-909229-19-1
  • The Harbour Breathes. (Sydney & Melbourne: Sea Cruise/Masterthief Enterprises, 1989) ISBN 978-0-908152-14-8
  • Small Wonders, Flying Island Press, 2011.
  • thinking process, Owl Publications, 2017.

Eagarthóireacht

  • Island in the Sun : An anthology of recent Australian prose le Damien White & Tom Thompson (Sydney: Sea Cruise Books, 1980) ISBN 978-0-908172-01-6
  • Island in the Sun 2: An anthology of recent Australian prose le Damien White (Sydney: Sea Cruise Books, 1980) ISBN 978-0-908152-09-4
  • Telling Ways: Australian women's experimental writing le Sneja Gunew (Adelaide : Australian Feminist Studies, 1988) ISBN 978-0-86396-068-0

Sliocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

You show me your child. You’re standing so close to me, whispering. I can feel the hard material of your harsh black suit and your bony elbows underneath it. You are controlled. You look controlled. You’re about to tell me the tragedy. We look at the child with dark eyes and dark hair. I look at your wife standing behind you. She’s blind. This must be the tragedy. I grab your elbow out of pity. The wife and now the child. But you smile and say, No the child :can see – isn’t she beautiful. The child isn’t tragic, just you and me.
You keep talking. You can’t run away from the past. You carry your memories with you always. :This is something you say when you want to see remorse and penitence from me. You want to see me as the escapee with the :head wounds. Scarred by love and still limping. Childless and alone. (Sliocht as “Italy & The Train”[2])
Leagan Gaeilge
Taispeánann tú do pháiste dom. Tú i do sheasamh chomh gar sin dom, ag cogarnaíl. Mothaím éadach crua do chulaithe ghéardhuibhe agus d’uillinneacha cnámhacha istigh inti. Tá guaim agat ort féin. Tá cuma na guaime ort. Tá tú ar tí cur síos ar an tubaiste. Féachaimid ar an bpáiste lena súile dubha, lena ceann dubh. Féachaim ar do bhean ina seasamh ar do chúl. Tá sí dall. Caithfear gurb é seo an tubaiste. Beirim ar d’uillinn le trua duit. An bhean dhall agus an páiste dall. Ach déanann tú miongháire agus deir tú, Tá an radharc ag an bpáiste – nach álainn a gné. Ní dise a bhain tubaiste ach dom féin agus duitse.
Leanann tú ort ag caint. Ní thig leat éalú ón am atá caite. Tugann tú an chuimhne leat i gcónaí. Seo é an rud a deir tú nuair is mian leat díomá agus aithrí a bheith orm. Is mian leat mé a aithint mar an teifeach atá gonta sa cheann. Loite ag an ngrá agus ag bacadaíl fós. Gan fear gan leanbh.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]