Annála Mhainistir an Dubhuisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAnnála Mhainistir an Dubhuisce

Annála Éireannacha is ea Annála Mhainistir an Dubhuisce, scríofa ón mbliain 1513 ar aghaidh.

Rinneadh rí Laighean de Dhomhnall Riabhach mac Gearóid Mhic Mhurchadha Caomhánach, le linn na bliana 1478. Roimhe sin sa bhliain 1475, bhronn sé ocht bpingin ar bhonn bliantúil as gach céachta ina chuid tailte ar Mhainistir an Dubhuisce.[1] Rinneadh ab na mainistreach de Chathal Mac Murchadha Caomhánach, mac Dhomhnaill, sa bhliain 1501, agus sa bhliain 1513 dhírigh sé duine dá mhanaigh annála Éireann a thiomsú. Bhí an leabhar seo aitheanta mar "Annála Mhainistir an Dubhuisce" nó "Leabhar Ársa Ghráig" (Gráig na Manach).[1] Cailleadh an leabhar, ach foilsíodh ámh míreanna atá fós ar marthain, ag Kenneth Nicholls in Peritia sa bhliain 1983.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]