Ania Walwicz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAnia Walwicz
Beathaisnéis
Breith1951
Świdnica, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Meán Fómhair 2020
68/69 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile, taibhealaíontóir, drámadóir, scríbhneoir, amharcealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil RMIT Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

File, scríbhneoir próis agus ealaíontóir ón Astráil is ea Ania Walwicz .

Rugadh í i Swidnica sa Pholainn in 1951 agus bhain an Astráil amach in 1963 nuair a bhí sí dhá bhliain déag d’aois. D’fhreastail sí ar Choláiste Ealaíon Victoria in Melbourne.

Is minic a bhaineann sí tairbhe as sruth comhfheasa chun croí an duine a ghrinniú, agus déanann sí saothair eile a shampláil. Déanann sí míshuaimhneas a chur in iúl trí fháil réidh le poncaíocht, agus tá suim aici i gceisteanna féiniúlachta. Luann sí an coimhthiú, an t-asáitiú, caillteanas teanga agus ísliú céime.[1]

Deir Walwicz gur fhág an t-osréalachas, scéalta brionglóide agus an tsíocanailís a rian ar a saothar. Tá sin le haithint ar sreabhántacht a stíle agus ar na dearmaid, an athinsint agus atreorú tobann na smaointe. Tá spraoi agus áiféis ann, i dteannta na hainspiantachta.[1]

Tá a saothar foilsithe i ndiolamaí, in irisí agus i leabhair, agus tá ceol curtha le cuid de. Múineann sí scríbhneoireacht chruthaitheach in Melbourne.[2]

Sleachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

As “Little Red Riding Hood”

I always had such a good time, good time, good time girl. Each and every day from morning to night. Each and every twenty-four hours I wanted to wake up, wake up. I was so lively, so livewire tense, such a highly pitched little. I was red, so red so red. I was a tomato. I was on the lookout for the wolf.
Ba mhaith liom riamh an spraoi, an spraoi, ba chailín mór spraoi mé. Gach lá riamh ó dhubh go dubh. B’áil liom dúiseacht dúiseacht de lá is d’oíche. Bhí me chomh beoga sin, chomh beo beophianta, chomh róchorraithe beag. Bhí mé chomh dearg sin, chomh dearg dearg. Ba thráta mé. Choinnigh mé súil in airde leis an mac tíre.

As “Elegant”

things get so still I was all listen to a silence the dishes are crashing in stacking in a little theatre stacking the dishes wrecking one on top of another there’s dirty washing i’ll just roll a broom to clean up my head the will you get up off the floor she wanted to be so l’élégant but now she wears a dressing gown some one to identify then who is speaking
éiríonn rudaí chomh ciúin sin mé ag éisteacht go léir le tost na miasa ag titim isteach de thuairt ag carnadh in amharclann bheag na miasa á réabadh os cionn a chéile tá éadach salach le ní luascfaidh mé scuab chun mo chloigeann a ghlanadh an n-éireoidh tú den urlár b’áil léi a bheith gafa gléasta ach anois caitheann sí fallaing sheomra duine éigin le haithint ansin cé tá ag caint

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]


Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Jessica L. Wilkinson, ‘Ania Walwicz,’ in Poetry International: https://www.poetryinternational.org/pi/poet/26640/Ania-Walwicz/en/tile
  2. "Ania Walwicz".