Galar corráncheallach
Cineál | autosomal recessive disease (en) , hemoglobinopathy (en) , ainéime haemalaíoch ó bhroinn, blood protein disease (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | haemaiteolaíocht |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais | |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | NPRL3, BCL11A agus HBB |
Aicmiú | |
ICD-10 | D57, D57.1, D57.2, D57.20, D57.3, D57.8 agus D57.0 |
ICD-9 | 282.6, 282.60 agus 282.63 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0099893 |
OMIM | 603903 |
DiseasesDB | 12069 |
MedlinePlus | 000527 |
eMedicine | 1918423 agus 205926 |
MeSH | D000755 |
Orphanet | 275752 |
UMLS CUI | C0019034, C0002895 agus C5680749 |
DOID | DOID:10923 |
Is éard is galar corráncheallach ann ná grúpa neamhord fola a fhaightear le hoidhreacht de ghnáth.[1] Is é an toradh atá air ná mínormáltacht sa phróitéine haemaglóibin (an lí a iompraíonn an ocsaigin sna fuillchealla dearga ). Cruthaíonn sé seo cruth docht corránach, faoi chúinsí áirithe. [1] Ainéime chorráncheallach a thugtar ar an gcineál is coitianta.[1]De ghnáth, tosaíonn fadhbanna i ngalar corráncheallach thart ar 5 go 6 mhí d'aois. D'fhéadfadh roinnt fadhbanna sláinte a fhorbairt, mar shampla taomanna péine (ar a dtugtar géarchéim chorráncheallach), ainéime, at sna lámha agus na cosa, ionfhabhtuithe baictéaracha, agus teagmhas ceirbreashoithíoch. Féadfaidh pian fadtéarmach a fhorbairt de réir mar a théann daoine in aois. Is é an meánionchas saoil sa domhan forbartha ná 40 go 60 bliain.[1]
Má fhaightear an ghéin seo ó thuismitheoir amháin ní bhíonn mórán siomptóm ann (an tréith chorráncheallach), ach is féidir an ghéin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile. Fulaingíonn daoine a fhaigheann géinte mínormálta ón dá thuismitheoir an galar ina iomláine. Bíonn haemaglóibin S fuilchealla dearga in ionad gnáth-haemaglóibin A. Mar thoradh air seo éiríonn na cealla seo corránach in ionad a ngnáthchruth ciorclach déchuasach, bíonn siad sobhriste, agus ní mhaireann siad rófhada san imshruthú. Bíonn ainéime ainsealach ag an duine sin, agus go minic baineann ionfhabhtuithe dó/di mar gheall ar ribeadáin bheaga a bheith calctha ag na fuilchealla dearga briste, ag cur bac ar sholáthar ocsaigine do na fíocháin.[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 "What Is Sickle Cell Disease?".
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anaemacht chorráncheallach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 37.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |