Jump to content

An tIompú Deiseal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tIompú Deiseal

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 22′ 39″ N, 7° 27′ 39″ O / 54.3775°N,7.4609°W / 54.3775; -7.4609
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán489 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT74 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie130660

Sráidbhaile i gContae Fhear Manach é an tIompú Deiseal[1], nó an tIompó Deiseal, mar a litreofaí i nGaeilge Uladh é. "Tempo" an t-ainm Béarla, ach ar ndóigh níl baint ar bith ag an logainm le coincheap an tempo sa cheoltóireacht. Tá an sráidbhaile suite chois Shliabh Bruachair, i ndlínse Chomhairle Cheantair Fhear Manach. Bhí 533 duine ina gcónaí san áit sa bhliain 2001.

Is í an eachtra stairiúil is mó a shamhlaítear leis an Iompú Deiseal ná an ruathar a rinne Óglaigh na hÉireann ar bheairic na saighdiúirí dubha ar an 25 Deireadh Fómhair 1920.