An tIasc Ildathach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is leabhar do phaistí é 'An tIasc Ildathach' (The Rainbow Fish) a scríobh agus a mhaisigh Marcus Pfister. Tá cáil ar an leabhar mar gheall ar an teachtaireacht a thugann sé do pháistí maidir lena bheith ag roinnt le chéile.

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann an leabhar seo le hiasc a dtugtar an t-iasc ildathach air mar go bhfuil gainní lonrach ildathach air. Thaitin na gainní seo leis na héisc eile agus iarrann siad air iad a roinnt amach. Ní bhíonn fonn roinnt ar an t-iasc ildathach, cuireann seo as do na héisc eile agus stadann siad a bheith ag súgradh leis. Iarann an t-iasc ildathach chomhairle ar an t-ochtapas feasa agus deir sé gur chóir dó a chuid gainní a roinnt leis na héisc eile. Deir an t-ochtapas nach mbeidh sé ar an t-iasc is dóighiúla níos mó ach go mbeidh sé sásta. Roinnean an t-iasc á ghainní faoi dheireadh agus feiceann sé go bhfuil lúcháir ar an héisc eile. Ag deireadh an scéal, cé nach bhfuil ach gainne ildathach amháin fagtha aige, bíonn an t-iasc ildathach sásta.

Clár teilifíse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh clár teilifíse bunaithe ar an leabhar. Bhí sé léirithe ag Decode Entertainment agus Sony Wonder. Níl baint ag plota an chláir teilifíse le plota an leabhair, tá cuid charachtair difriúla ann agus freastalaíonn siad ar 'scoil na n-iasc'. Craoladh an clár seo ar neart cainéal ar fud an domhain, TG4 san áireamh.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá neart conspóide ag baint leis an leabhar seo mar go bhfuil roinnnt daoine den bharúil go spreagann sé an cumannachas i bpáistí agus go spreagann sé drochnósanna maidir lena bheith ag ceannacht an chairdis.