An Téaváin Ghlas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is dán agus amhrán Téavánach é An Téaváin Ghlas (Pe̍h-oē-jī: Tâi-oân Chhùi-chhiⁿ, Carachtar Sínise thraidisiúnta: 台灣翠青). Scríobh an file Tréadaí Tīⁿ Jî-gio̍k (鄭兒玉) é, i Hoclais na Téaváine (Hoklo na Téaváine), sna blianta 1993/1994. Tá an-tóir ar an dán i measc na daoine i bhfách leis an fheachtas ar son neamhspleáchais na Téaváine. Is é an t-amhrán náisiúnta neamhoifigiúil do Phoblacht na Téaváine. Aistríodh an t-amhrán go hAmisis (Amis), Haicéis (Hakka), Mandairínis agus araile.