Jump to content

An Plean Beartaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Láthair díshealbhaithe, An Ghráig, Gaillimh 1888, le linn an Phlean Beartaíochta. Bhí díshealbhuithe na Gráige ar na cinn ba mhó a cuireadh ina gcoinne, le paimfléid iomadúla, le linn na tréimhse, ag tagairt dóibh.[1] Tá tuilleadh grianghraf de dhíshealbhuithe na Gréige ar fáil.[2]

Ba straitéis é an Plean Beartaíochta[3] ar glacadh leis in Éirinn idir 1886 agus 1891, arna chomhordú ag polaiteoirí Éireannacha ar mhaithe le feirmeoirí tionóntaí, i gcoinne tiarnaí talún neamhchónaitheacha agus ainchíosa den chuid is mó. Seoladh é chun dul i ngleic leis an anacair talmhaíochta a tharla mar gheall ar an gcúlú leanúnach ar phraghsanna táirgí déiríochta agus eallaigh ó lár na 1870idí, rud a d'fhág go leor tionóntaí i riaráiste cíosa. Drochaimsir sa bhliain 1885 agus 1886 ba chúis freisin le teip barr, rud a d’fhág go raibh sé níos deacra cíosanna a íoc. Bhí Cogadh na Talún sna 1880í luatha ar tí a athnuachan tar éis méadú a theacht ar dhíshealbhuithe agus chuir sé uafás forleathan ar dhaoine,

Bearta as cuimse

[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Plean a bhí cumtha ag Tadhg Ó hEaluithe, agus ba iad Timothy Harrington, rúnaí Chonradh Náisiúnta na hÉireann, William O'Brien agus Seán Diolún a cheap agus a d'eagraigh é.