An Pháilis
í
| 𑀧𑀸𑀴𑀺 | |
|---|---|
| Cineál | teanga anallód agus teanga |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 0 |
| Dúchasach do | an India |
| Stáit | an India |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ind-Iaránacha teangacha Ind-Airianacha Middle-Modern Indo-Aryan (en) Middle Indo-Aryan (en) Prácrait | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | Brahmi (en) |
| Cóid | |
| ISO 639-1 | pi |
| ISO 639-2 | pli |
| ISO 639-3 | pli |
| Glottolog | pali1273 |
| Linguasphere | 59-AAF-pb |
| Ethnologue | pli |
| IETF | pi |
Is teanga Ind-Eorpach, Ind-Airíoch í an Pháilis (nó an Phailis), agus is ceann de na teangacha Meán-Ind-Airíocha í. Teanga chlasaiceach í an Pháilis féin inniu nach labhraítear ach amháin i searmanais Búdaíocha. Is é Tipitaka, an scrioptúr naofa i mBúdachas Theireaváda, an fhoinse a bhfuil caighdeán na Páilise bunaithe uirthi. Is é is brí le hainm na teanga, ó thús, ná "líne" nó "téacs scrioptúrtha", agus ní díol iontais é, ós teanga scrioptúrtha í an Pháilis go bunúsach.
Nuair a breacadh na scrioptúir Pháilise síos an chéad uair san aois dheireanach roimh bhreith Chríost, ba teanga labhartha í, nó ar a laghad, bhí canúintí labhartha ann agus iad sách cosúil leis an bPáilis. Na míreanna tráchtaireachta atá curtha leis an scrioptúr ó shin, áfach, tháinig siad ó pheann lucht léinn a d'fhoghlaim an Pháilis mar chaighdeán liteartha is mar theanga iasachta.
Ceann de na Pracraití í an Pháilis, is é sin, ceann de na canúintí beo a tháinig in úsáid sa litríocht san India i ndiaidh don tSanscrait dul in éag mar theanga labhartha.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi theangacha é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |