An Opera Meitreapólach
An Opera Meitreapólach | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Metropolitan Opera | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Compántas ceoldrámaíochta, eagraíocht agus comhlacht léiriúcháin | |||
Foirgníocht | 1880 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Manhattan, New York | |||
Suíomh | Lincoln Square (en) | |||
| ||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | metopera.org | |||
I dteach an Opera Meitreapólach tá complacht an Opera Meitreapólaigh agus Ceolfhoireann an Opera Meitreapólaigh. In Ionad Lincoln i Nua-Eabhrac atá sé, ar Broadway ag Sráid 63 i Manhattan. Tógadh Ionad Lincoln i 1962, agus tá ceannaireacht na complachta míshásta go maith leis an dteach, mar gheall ar an sórt scaipeadh fuaime atá ann, cúngas an tí le mór-opera, agus eile. Tá meas ginearálta ar ailtireacht an tí, mar sin féin.
D'fhógair Joseph Volpe, bainisteoir ar éirigh go geal leis ó 1990 ar aghaidh, sa samhradh i 2004 go raibh sé le h-éirí as a phost ag deireadh mí Iúil 2005, agus go n-oibreodh sé lena chomharba, Peter Gelb, go dtí sin.
Tá an chomplacht ar cheann de mhór-chomhlachtaí opera an domhain. Tá James Levine tar éis éirí as a phost mar stiúrthóir ceoil, agus ´sé Zubin Mehta a chomharba.
Cuireann an chomplacht raidhse maith opera i láthair, gnás opera na hIodálaithe, na Fraincise, agus na Gearmáinise san áireamh.
Sa samhradh, bíonn ballet á chur i láthair fad agus a bhíonn an chomplacht opera ar saoire. Ach ní ar saoire ar fad a bhíonn siad - bíonn taispeántais opera i bpáirceanna poiblí ar fud na cathrach sa samhradh, agus iad saor in aisce.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil an Opera Meitreapólaigh Curtha i gcartlann 2014-06-12 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |