An Opera Meitreapólach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Opera Meitreapólach

Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Metropolitan Opera
Sonraí
CineálCompántas ceoldrámaíochta, eagraíocht agus comhlacht léiriúcháin
Foirgníocht1880 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinNua-Eabhrac, New York
SuíomhNua-Eabhrac
Map
 40°46′22″N 73°59′03″W / 40.7727216°N 73.9841644°W / 40.7727216; -73.9841644
Suíomh gréasáin oifigiúilmetopera.org
Facebook: MetOpera Twitter: metopera Instagram: metopera Musicbrainz: 50a2fa75-e647-42cf-b97a-211acbaf8c25 Cuir in eagar ar Wikidata
An Opera Meitreapólach ag Ionad Lincoln

I dteach an Opera Meitreapólach tá complacht an Opera Meitreapólaigh agus Ceolfhoireann an Opera Meitreapólaigh. In Ionad Lincoln i Nua-Eabhrac atá sé, ar Broadway ag Sráid 63 i Manhattan. Tógadh Ionad Lincoln i 1962, agus tá ceannaireacht na complachta míshásta go maith leis an dteach, mar gheall ar an sórt scaipeadh fuaime atá ann, cúngas an tí le mór-opera, agus eile. Tá meas ginearálta ar ailtireacht an tí, mar sin féin.

D'fhógair Joseph Volpe, bainisteoir ar éirigh go geal leis ó 1990 ar aghaidh, sa samhradh i 2004 go raibh sé le h-éirí as a phost ag deireadh mí Iúil 2005, agus go n-oibreodh sé lena chomharba, Peter Gelb, go dtí sin.

Tá an chomplacht ar cheann de mhór-chomhlachtaí opera an domhain. Tá James Levine tar éis éirí as a phost mar stiúrthóir ceoil, agus ´sé Zubin Mehta a chomharba.

Cuireann an chomplacht raidhse maith opera i láthair, gnás opera na hIodálaise, na Fraincise, agus na Gearmánaise san áireamh.

Sa samhradh, bíonn ballet á chur i láthair fad agus a bhíonn an chomplacht opera ar saoire. Ach ní ar saoire ar fad a bhíonn siad - bíonn taispeántais opera i bpáirceanna poiblí ar fud na cathrach sa samhradh, agus iad saor in aisce.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]