An Haicléara Mánas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Téacs Gaeilge ón naoú haois déag is ea An Haicléara Mánas, agus é scríofa sa chineál Gaeilge a bhí á labhairt timpeall an Chlocháin, Co. na Gaillimhe, san am sin. Pádraig Ó Loideáin, duine de mhuintir na háite a chuaigh ar imirce go Pennsylvania, a chum an scéal, de réir dealraimh. Ba í Nancy Stenson a chuir in eagar é, agus tháinig an leabhar i gcló sa bhliain 2003.

An Scríbhneoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glactar leis gurbh é Pádraig Ó Loideáin ón gceantar tuaithe taobh thiar den Chlochán a cheap an scéal. Ar a laghad ar bith, ba eisean a chuir ar pár é. Rugadh sa bhliain 1832 é, agus ar nós go leor daoine de mhuintir na hÉireann san am, sheol sé ar an mbád bán go dtí an tOileán Úr. Bhain sé amach saoránacht na Stát Aontaithe sa bhliain 1872. Chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i mBristol i stát Pennsylvania, áit ar shíothlaigh sé sa bhliain 1929.

A Chuid Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cainteoir dúchais a bhí ann, agus ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aige. Mar sin, bhí sé i dtuilleamaí litriú an Bhéarla leis an lámhscríbhinn a bhreacadh síos. An cineál Gaeilge a chleacht sé, ba é a chanúint dúchais é, agus is féidir linn a lán a fháil amach faoin gcanúint seo, toisc go bhfuil sí litrithe go cruinn de réir an fhuaimnithe. Inniu, níl a dhath fágtha de Ghaeilge dhúchasach an Chlocháin, ach is follasach go bhfuil canúint an Loideánaigh an-chosúil le caint na ndaoine i gCúige Chonnacht inniu, nó leis an leagan liteartha de na canúintí seo, ar a laghad. Níl An Haicléara Mánas deacair ná dothuigthe ar aon nós ag an té a bhfuil, abair, Gaeilge Oileáin Árann aige.

  • Mar is gnách i gConamara, baintear úsáid as foirmeacha ginidigh cosúil le siúinéara, saibhéara, mar bhunfhoirm, in áit siúinéir, saibhéir - gan dearmad a dhéanamh den Haicléara féin.
  • Úsáidtear ó am go ham in áit sa chiall "cén áit".
  • Úsáidtear téardgo téard in áit céard, ó am go ham.
  • Úsáidtear eicín ("ackeen", mar a scríobhann an Loideánach é) in áit éigin. Tá an leagan eicínt ó Chois Fhairrge an-chosúil leis an gceann seo.
  • Déantar léis de tar éis. (Is eol do chách, ar ndóigh, go mbíonn an dúrud leaganacha éagsúla de tar éis ar fáil sna canúintí: ar théis, thar n-éis agus a lán eile.)
  • Úsáidtear coisméig in áit coiscéim - leagan eile atá coitianta i gConamara inniu.
  • Déantar [aurdu:] ("abhardú") de ordú (défhoghrú an ghuta fhada i dtús an fhocail). Fuaimniú eile é seo a chloisfeá i gConamara inniu féin. Ní chuireann Nancy Stenson an fuaimniú seo in iúl ar aon dóigh ar leith, áfach.
  • Déantar de , úmós de ómós, túin de tóin, cosúil le Gaeilge Chonamara inniu - is é sin, ardaítear an t-ó go h-ú in aice leis na consain shrónacha. Maidir leis an ardú seo, tugann litrithe áirithe le fios go ndéantar a leithéid, uaireanta, fiú nuair nach bhfuil consan srónach ann - brionglúidigh in áit brionglóidigh, púca in áit póca, búthar in áit bóthar, ós rud é gur mar "oo" a scríobhtar ó an ghnáthlitrithe sna focail seo. Deir Stenson, áfach, gur féidir nach bhfuil ann ach saormhalartú sa litriú nach mba chóir an iomarca a dhéanamh de. Cibé scéal é, ní thaispeánann sí an t-ardú seo ina litriú caighdeánach féin.
  • De réir an litrithe is coitianta sa téacs, is mar amuich agus istich (le -ch inchloiste) a fhuaimnítear amuigh agus istigh. Is fuaimniú é seo a chloisfeá i nGaeilge Mhaigh Eo, ach go háirithe.
  • Is mar [v] a fhuaimnítear an mh i bhfocail ar nós cleamhnas.
  • Ruball (an leagan a chloisfeá i Maigh Eo agus i gCúige Uladh) an leagan áitiúil den fhocal eireaball (drioball an leagan is tipiciúla i gConamara Theas, agus le fírinne, an leagan is túisce a shamhlaímid le "Gaeilge Chonamara" inniu).
  • Mo sháith, seachas mo dhóthain, a deirtear, cosúil le Gaeilge Thuaisceart Mhaigh Eo agus Gaeilge Uladh.
  • Insin an leagan den ainmfhocal briathartha insint a úsáidtear. Ní féidir teacht ar an bhfoirm inseacht, an ceann is mó a shamhlaímid le Conamara.
  • Iontaigh a úsáidtear in áit tiontaighiompaigh, arb iad na leaganacha caighdeánacha iad.

An Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Haicléara Mánas laoch (nó frithlaoch) an scéil. Tá tús an téacs caillte, ach is féidir an tátal a bhaint as an scéal gur haicléir nó siostalóir - haicléara i gcanúint Chonamara - atá ann, agus é ag cleachtadh a cheirde chois cladaigh in Iorras Fhlannáin. Níl sa scéal go bunúsach ach cleas magaidh i ndiaidh a chéile, agus iad á n-imirt ar an haicléir bocht ag fir óga Iorras Fhlannáin. Thar aon rud eile, cé go bhfuil cailín ag an haicléir thiar sa Chlochán, cuireann na hógánaigh d'fhiacha air bean mhíofar mhílítheach de mhuintir an chladaigh a phósadh - bean darbh ainm Nóra Mháirtín, ach is é an t-ainm is coitianta a bhíonn ag muintir na háite uirthi ná an Pretender.

Go bunúsach, scéal soléite atá i gceist leis an Haicléara Mánas, agus ní féidir a rá go bhfuil sé ródheacair ag an bhfoghlaimeoir. Tá sé i bhfad níos fusa ná an téacs aithnidiúil próis eile úd ón naoú haois déag, Cín Lae Amhlaoibh.

Foinse[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • STENSON, Nancy (Ed.): An Haicléara Mánas. A Nineteenth Century Text from Clifden, Co. Galway. School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin 2003.