Fisic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Fhisic)
Samplaí de feiniméin fhisiceacha

Is éard is fisic ann (ón tSean-Ghréigis, φύσις (physis), "nádúr") ná eolaíocht nádúrtha a bhfuil mar chuspóir aici imscrúdú a dhéanamh ar dhamhna agus gluaisne an damhna trí spás agus am, mar aon le coincheapa atá bainteach leis amhail fuinneamh agus fórsa. Ag caint go forleathan, anailís an nádúir atá inti, chun teacht ar thuiscint ar iompar na cruinne.

Tá an fhisic suite idir an mhatamaitic is an cheimic. Déanann sí mionscrúdú ar dhlíthe na gluaiseachta mar a bhaineann siad le píosaí ábhar ag druidim faoi thionchar na neart difriúil. Meicnic a ghlaoitear ar an scrúdú seo. San fhisic meastar nach bhfuil ann ach ceithre neart - an leictreachas, an neart núicléach lag, an neart núicléach láidir, is an imtharraingt. Déantar staidéar freisin ar adaimh is a gcomhpháirtithe, na núicléóin is na leaptóin.

Fuaimnítear í mar [fɪʃəc]. Is botún coitianta é í a rá mar an Béarla, [fizɪk].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]