An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is comhlacht neamhspleách í an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (CNES) (Béarla: The National Economic and Social Council (NESC) a thugann comhairle don Taoiseach ar réimsí beartas a bhaineann le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch. Bhí sé mar chuid den tsamhail Comhpháirtíochta Sóisialta a tháinig chun bheith ina chuid de pholaitíocht na hÉireann roimh bhlianta an Tíogair Cheiltigh. Féadann a thorthaí cuid mhaith faisnéise a choinneáil faoi fhadhbanna in oibríochtaí na hearnála poiblí atá ann cheana, amhail an chaoi a spreagtar daoine dífhostaithe chun fanacht dífhostaithe, ach ní ghníomhaítear i gcónaí ar na torthaí seo.

Obair reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chomhairle ag obair ar ar na nithe seo a leanas;

Oileán Comhroinnte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá CNES, ar iarratas ó Roinn an Taoisigh, ag tabhairt faoi chlár taighde i láthair na huaire a bhfuil sé mar aidhm aige tuarascáil chuimsitheach ar an Oileán Comhroinnte a chur le chéile deireanach i 2021/go luath i 2022. Tá roinnt ábhar foilsithe cheana féin mar chuid den obair seo, ar obair leanúnach í.

Ar an gcéad dul síos, tá Páipéar Scóipe: Tionscadail, Dul Chun Cinn agus Beartas foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta ina leagtar amach an cur chuige atá molta chun taighde a dhéanamh ar an tionscnamh um Oileán Comhroinnte. Cabhróidh taighde NESC le bonn eolais a fhorbairt agus comhthuiscint a chothú ar na bealaí inar féidir an chomhpháirtíocht a chur chun cinn i roinnt réimsí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil in Éirinn, Thuaidh agus Theas, agus idir na hoileáin seo Thoir agus Thiar freisin.

Ar an dara dul síos, cuireadh Páipéar Comhairliúcháin ar Dhúshláin agus ar Dheiseanna na hAeráide agus na Bithéagsúlachta ar fáil. Tugann sé forléargas ar staid reatha an eolais agus ar na cineálacha beartais atá á leanúint ar mhaithe leis an aeráid agus an bhithéagsúlacht, in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann, agus tagraítear freisin do bheartais na Ríochta Aontaithe, an AE agus do bheartais idirnáisiúnta.  Trí phróiseas comhairliúcháin, féachadh leis an obair an tuiscint atá ag príomhpháirtithe leasmhara a ghlacadh san áireamh agus a bheith ina chuid den chomhrá agus rannpháirtíocht níos leithne ar na gnéithe uile-oileáin a bhaineann leis an aeráid agus an bhithéagsúlacht. Tá tuarascáil iomlán na comhairle foilsithe ó chríochnaigh an chomhairliúchán chomh maith le hachoimre ghearr ar na haighneachtaí a fuarthas. Tá an NESC buíoch do na daoine go léir a bhí rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin.

Ar an tríú dul síos, tá dhá pháipéar taighde foilsithe ag an NESC ina ndéantar scrúdú ar an luach a bhaineann le tuiscint a fháil ar na cineálacha éagsúla ceantair thuaithe atá ann agus ar na deiseanna teacht aniar eacnamaíochta a fhorbairt fad is atá Éire ag aistriú chuig geilleagar agus sochaí ísealcharbóin, digiteach agus atá faoi bhláth.

Ar an gceathrú dul síos, foilsíodh Páipéar Rúnaíochta maidir leis an gclár Dea-Phoist.  Sainaithnítear sa pháipéar seo gurb é atá i gceist leis an gclár ‘dea-phoist’ ná iarracht as éadan a dhéanamh i leith beartais a chur chun cinn a d’fheabhsódh caighdeán agus táirgiúlacht na hoibre agus eispéiris, ioncaim agus caighdeán maireachtála na n-oibrithe.  Tá an clár oibre seo dírithe ar shraith beart agus gníomhaíochtaí a aimsiú a chuirfeadh feabhas ar chaighdeán na bpost laistigh den mhargadh fostaíochta.  Baineadh úsáid as agallaimh le páirtithe leasmhara in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann agus fuarthas amach go bhfuil tacaíocht láidir ann do chur chuige uile-oileáin maidir le cruthú ‘dea-phoist’.

Ar an gcuigiú dul síos, tá foilseachán ina dtugtar léargas ginearálta ar phríomhtháscairí eacnamaíochta sa dá chuid den oileán agus aon cheangal atá eatarthu ar fáil chomh maith.  Scrúdaítear i dtuarascáil bhainteach (A Regional Perspective on Ireland, North and South) na gnéithe eacnamaíochta a bhaineann le réigiúin ar fud an oileáin agus breithnítear fadhbanna forbartha sna réigiúin inti chomh maith.

Ar deireadh, foilsíodh tuarascáil ar Eolas agus Ceachtanna a Roinnt maidir le Bochtaineacht a Chomhrac chomh maith. Is é toradh na tuarascála gur cúis imní í an bhochtaineacht ar an dá chuid den oileán agus déantar iniúchadh inti ar dheiseanna chun eolas agus ceachtanna a roinnt lena n-oibreofar i dtreo an bhochtaineacht a laghdú ar fud an oileáin.

Forbairt Inbhuanaithe agus Gníomhú ar son na hAeráide[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Ráiteas ón gComhairle Bunús an Téarnaimh i bhForbairt Inbhuanaithe tugtar breac-chuntas ar a thábhachtaí atá sé an téarnamh a bhunú i bhforbairt inbhuanaithe. Is féidir agus ba cheart é seo a mheas in éineacht le hobair eile na Comhairle ar shaincheisteanna eacnamaíocha agus sóisialta agus obair na Rúnaíochta ar ghéarchéim Covid-19. Áitíonn sé go bhfuil fianaise ann go hidirnáisiúnta, agus in Éirinn, go bhféadfadh sé gur anois an t-am le hathshocrú i dtéarmaí uaillmhian agus gníomhaíochta chun astaíochtaí agus caillteanas bithéagsúlachta a laghdú. Leagtar amach sa Ráiteas an méid is féidir leis an NESC a dhéanamh chun cabhrú le córas beartais na hÉireann an deis seo a thapú.

Tá an NESC ag obair ar roinnt príomhréimsí, a shainaithnítear sa Ráiteas. Áirítear orthu sin:

  • Gníomh beartais a chumadh agus a thiomáint, lena n-áirítear obair ar bheartas aeráide agus aistriú cóir. D’eagraigh an NESC an Chomhdháil Bhliantúil EEAC i nDeireadh Fómhair 2020.
  • Dhírigh an tionscadail ar athléimneacht agus inbhuanaitheacht a neartú i gcathracha agus i bpobail; agus
  • Infheistíocht ghlas agus coinníollacht.

Ina theannta sin, tá fócas ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar an mbithéagsúlacht san áireamh ag an NESC mar chuid den Tionscadal um Oileán Comhroinnte.

Úsáid Talún, Luach Talún agus Forbairt Uirbeach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tábhacht ag baint leis an NESC chun cuidiú le comhaontú a fhorbairt i measc grúpaí ilghnéitheacha eacnamaíochta agus sóisialta ar cheist na tithíochta. Rinneadh sin trí chuidiú comhthuiscint a chruthú nach mór d’Éirinn athrú bunúsach a dhéanamh ar an gcóras forbartha uirbí, bainistithe talún agus soláthair tithíochta atá aici. Caithfidh Éire teacht chun cinn ó chóras amhantrach agus an-timthriallach go córas tithíochta atá inacmhainne go buan, seasmhach agus níos inbhuanaithe.

Dhírigh taighde agus tuarascáil an NESC le déanaí Uimh.150 Beartas Tithíochta: Gníomhartha chun Athrú a Chur ar Fáil, ar dhá shaincheist a raibh baint acu lena chéile. Ar dtús, an bhearna soláthair a líonadh trí bhainistíocht ghníomhach a dhéanamh ar luach talún agus suímh ar mhaithe le leas an phobail; agus sa dara háit, an bhearna inacmhainneachta a líonadh trí inacmhainneacht bhuan a réiteach. Ar an taobh eile, mhol an Chomhairle go nglacfaí foirm níos inbhuanaithe d’fhorbairt uirbeach (forbairt dírithe ar iompar) mar thoradh ar staidéar taighde suntasach a rinneadh.

Ag féachaint chun cinn, tá sé beartaithe go leanfadh an NESC ar aghaidh ag fiosrú bealaí ina mbeadh sí ábalta cuidiú ar bhealach fiúntach. An chéad chéim ina leith sin ná Tithíocht do Chách a bhreithniú chomh maith le breithniú a dhéanamh ar na naisc atá aige le hobair an NESC, ar na láidreachtaí agus ar na saincheisteanna atá le plé.

Is féidir teacht ar obair Chomhairle agus Rúnaíocht an NESC sa réimse seo ar na leathanaigh seo a leanas:

  • Tithíocht
  • Talamh Forbraíochta Uirbeach, Tithíocht agus Bonneagar
  • Forbairt Dírithe ar Iompar

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: An Dr. Cathal FitzGerald


Léitheoireacht bhreise:

Tógann an obair seo ar na ceithre thuarascáil ar thithíocht agus ar thalamh a d’aontaigh an Chomhairle ina téarma roimhe seo:

  • Social Housing at the Crossroads: Possibilities for Investment, Provision and Cost Rental (2014);
  • Homeownership or Rental: What Road is Ireland On? (2014);
  • Ireland’s Rental Sector: Pathways to Secure Occupancy and Affordable Supply (2015); agus
  • Housing Supply and Land: Driving Public Action for the Common Good (2015)

An Creat Folláine[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh a cuid oibre ar Chreat Folláine na hÉireann: Tuarascáil Chomhairliúcháin, tá tús curtha ag an NESC anois le dara céim na hoibre chun tacú le creat folláine cuimsitheach a fhorbairt. Beidh dhá réimse dírithe ar:

  • I dTreo Thorthaí Bunathraitheacha: Díreofar leis an obair seo ar chreataí folláine a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an bealach ina gcuimsítear iad sa phróiseas déanta beartas, buiséadú agus measúnú. Déanfar grinnfhéachaint le linn na hoibre ar obair idirnáisiúnta, lena n-áirítear an obair a dhéantar sa Nua-Shéalainn agus in Albain, agus bainfear leas chomh maith as obair ar leith as Éirinn (e.g feidhmíocht agus buiséadú comhionannais; agus cuir chuige earnálacha i réimsí áirithe amhail folláine leanaí).
  • Cothromas: Rinneadh argóint i gCéad Thuarascáil an Rialtais ar Chreat Folláine d’Éirinn ‘gur úsáid thábhachtach amháin a bhainfear as an gcreat Folláine ná aithint níos córasaí a éascú i ndáil le grúpaí áirithe sa tsochaí a ndéantar neamhionannas orthu ar feadh líon gnéithe’ (lch.17). Breithneoidh an NESC mar sin mar a d’fhéadfadh creat folláine tacú le tuiscint níos doimhne agus úr ar na fachtóirí a mbíonn neamhionannas agus míbhuntáiste mar thoradh orthu in Éirinn, agus mar is féidir an patrún leanúnach agus idirghlúine éagothroime a bhriseadh. Fiosróidh an obair seo chomh maith roinnt den leochaileacht agus neamhionannas a bhí níos soiléire le linn na paindéime.

Foilseofar aschuir ón dara céim seo den obair sa chéad leath den bhliain 2022.

Féach an Tairseach Folláine chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscnamh an Rialtais, Creat Folláine d’Éirinn.

Ceachtanna atá foghlamtha de bharr na Paindéime[cuir in eagar | athraigh foinse]

De bharr an chineáil paindéime atá sa phaindéim Covid-19, tá tionchar imeartha aici ar beagnach gach gné den saol: ón mbealach a ndéanaimid caidreamh le daoine agus a gcasaimid lena chéile, an bealach a mbímid ag foghlaim, go dtí an bealach a gceannaímid nithe, agus neart eile. Tabharfaidh na tionchair seo ceachtanna dúinn maidir le go leor gnéithe a bhaineann leis an domhan seo, beartais phoiblí ina measc.  Is iad na ceachtanna sin a bhfuilimid ag díriú orthu sa tionscadal seo.

Luaitear sa straitéis a d’fhoilsigh an Rialtas le gairid Tuiscint Nua ar an Dúshlán: Leanúint dár dTéarnamh agus Athnascadh, go bhfuil sé tábhachtach freagairt na hÉireann ar an bpaindéim a thuiscint, greim a fháil ar an méid a foghlaimíodh agus ar an taithí a bhfuarthas ar mhaithe le cuidiú le pleanáil amach anseo (2021: 7.

I Márta na bliana 2020, díreach nuair a bhí an phaindéim ag tosú, d’fhoilsigh an Chomhairle Tuarascáil Uimh.149, Aghaidh a thabhairt ar Leochaileacht Fostaíochta mar chuid d’Aistriú Cóir in Éirinn. Ar cheann de phríomhchonclúidí na hoibre sin bhí, i bhfianaise na neamhchinnteachta a bhaineann le nádúr díreach turraingí ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí (e.g. na hathruithe go dtí todhchaí ísealcharbóin agus todhchaí níos digití), nach mór don bhéim sa bheartas a bheith ar earnálacha, pobail, agus oibrithe leochaileacha a aithint, agus na réitigh áit-bhunaithe a comhtháirgeadh. Tá torthaí na Comhairle treisithe ag taithí na hÉireann ar Covid-19 le 18 mí, agus beidh an tionscadal seo i bhfeidhm ar an gcur chuige sin agus cuirfidh an tionscadal seo leis an gcur chuige sin i ndáil leis an bpaindéim a bhreithniú ar bhealach atá ailínithe leis an gcur chuige atá luaite ag an Rialtas. Ag tógáil air sin agus ar obair ábhartha eile an NESC, tá sé beartaithe go ndéanfadh an NESC gnéithe de fhreagairt na hÉireann ar an ngéarchéim Covid-19 a mheas, ag díriú ar thrí cheist:

  • Ceist 1: An bhfuil treoir agus ceachtanna laistigh den litríocht níos leithne maidir le leochaileacht agus rioscaí i mbainistiú éigeandálaí agus géarchéimeanna atá ábalta cuidiú linn measúnú a dhéanamh agus an fhreagairt ar an bpaindéim in Éirinn a chur le chéile.
  • Ceist 2: An féidir ceachtanna straitéiseacha a fhoghlaim ón bpaindéim Covid-19 maidir le rialachas poiblí agus ar mar is féidir leis an rialtas a ghníomhaíocht a shocrú / a bhainistiú chun na torthaí is fearr a bhaint amach don tsochaí?
  • Ceist 3: Conas mar is féidir na ceachtanna a foghlaimíodh a úsáid chun an téarnamh a mhúnlú, agus tairbhe a bhaint astu ar mhaithe le hatógáil réamhghníomhach a dhéanamh ar an mbealach is fearr a fhreastalaíonn ar mhuintir na tíre agus ar chúrsaí timpeallachta na tíre.

Obair Bhainteach:[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimsiú Digiteach in Éirinn: Nascacht, Feistí & Scileanna

Caidreamh Nua a Thógáil idir Eagraíochtaí Deonacha agus an Stát sna hEarnálacha Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh

Inscne agus Covid-19 in Éirinn

Glao Pobail: Foghlaim don Todhchaí

Tionchair Covid-19 ar Ghrúpaí Mionlaigh Eitneacha agus Imircigh in Éirinn

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]