An Bliotsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Bhleaist)
Jump to navigation Jump to search
An Bhleaist, 1940
buama loiscneach, Luftwaffe 1kg, in úsaíd 1936-1940?

Feachtas buamála Luftwaffe na Gearmáine ar chathracha na Breataine (agus Béal Feirste) faoi choim na hoíche ab ea an Bliotsa, nó an Blitz,[1][2] i rith an Dara Cogadh Domhanda, ó 7 Meán Fómhair 1940 go dtí 11 Bealtaine 1941.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Oibríocht an Mhór-Róin" a bhí an códainm ar an ionradh a bhí á phleanáil ag Hitler, chun seilbh a ghlacadh ar an Bhreatain.

Na hImeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla 160 ionsaí in aghaidh na hoíche ar Londain i rith 1940/1941, agus maraíodh 40,000 duine.[3] Ar an 29 Nollaig 1940, leag an Ghearmáin 100,000 buama loiscneach ar Londain, an oíche is measa b'fhéidir.[4] Bhí an chathair uilig faoi bharr lasrach.

H.M. Stationery Office, 1942

Bhí an Bliotsa níos measa ar Learpholl ná áit ar bith eile, taobh amuigh de Londain.[5] "Cath na Breataine" a thugtaí ar an cath mór san aer idir Luftwaffe na Gearmáine agus RAF na Breataine.

Faoi dheireadh, bhí smacht ar an aerspás de dhíth ar na Naitsithe. Bhuaigh an RAF an cath seo i 1941, go pointe áirithe mar bhí radar in úsáid acu. Tháinig deireadh leis an mBliotsa ar 11 Bealtaine 1941.

Mar thoradh, b’éigean do Hitler an t-ionradh a chur ar ceal nuair a theip ar Chath na Breataine.

High Street agus Bridge Street, Béal Feirste, 1941

Cuntas finné súl[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sliocht é seo as agallamh le Myrtle Solomon, as Londain, a tháinig slán ón mBliotsa sa bhliain 1940.

"Is cuimhin liom buamaí loiscneacha á gciceáil agam ón díon le mo chosa, nó le foirceann scuaibe, díreach chun iad a chur isteach sa ghairdín i bhfad ó dhíon an . Is cuimhin liom gaineamh a chaitheamh agam ar bhuama ar feadh tamall fada. Lean mé orm, mé ag déanamh an rud díreach a dúradh liom – agam an gaineamh seo á chaitheamh air, ach las sé suas arís. Bhí na heitleáin fós os ár gcionn, agus cheapfá go bhféadfaidís tú a fheiceáil – agus cheapfá dá bhfeicfidís tine ar siúl, go scaoilfidís buama eile anuas ort. Mar sin, bhí scéin an domhain ort. Ar maidin, bhí áthas ort a bheith beo – ach le mothú uafásach ciontachta toisc nach raibh daoine eile beo – agus gur chóir duitse a bheith ina n-áit dáiríre?"[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "D'imigh sin agus Tháinig seo" le Séamus Mac Seáin, le cuimhní cinn ón mBlitz i mBéal Feirste[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""blitz"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-09-07.
  2. giorraithe ó "Blitzkrieg" agus é a mhíniú mar ‘cogadh tintrí nó cogadh ar luas lasrach
  3. Coláiste Oiriall, Muineachánː Stair an Teastais Shóisearaigh. "An Dara Cogadh Domhanda agus an Cogadh Fuar". Dáta rochtana: 2019.
  4. "Second Great Fire of London" (in en) (2019-12-29). Wikipedia. 
  5. "Amuigh faoin Aer ar Son an Chultúir" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-12-29.
  6. Max Arthur (Random House) (2004). "“Forgotten Voices of The Second World War”". Dáta rochtana: 2019.
  7. "D'imigh sin agus Tháinig seo Séamus Mac Seáin". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2019-12-29.