An Bád Sí (Dán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilAn Bád Sí
Foirm cheoildán Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge

Scríobh Nuala Ní Dhomhnaill an dán seo, An Bád Sí. Foilsíodh é ins 'An Dealg Droighinn', The Mercier Press, Baile Átha Cliath 1981.

Rugadh i Sasana í Ní Dhomhnaill agus tógadh í i Luimneach, in Aonach agus sa Ghaeltacht Corca Dhuibhne. D'fhreastail sí ar mheánscoil i gCathair Luimnigh agus chuaigh sí ar bhun staidéir i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá roinnt cnuasaigh filíochta trí Ghaeilge scríofa aici. Ina measc, tá Cead Aighnis ina bhfuil dánta iontacha faoi shlua atá ag cur fúthu faoin bhfarraige darbh ainm na Murúcha. Samhlaíocht agus béaloideas agus na seanamhráin a bhíonn ag Nuala mar thobar dá cuid saothair.

An dán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Triúr a chonaic is triúr nach bhfaca.
Na fearaibh ar na maidí rámha
Seacaidí gorma is caipíní dearga
A' dhul isteach go Faill na Mná.
Sinne a bhí ag piocadh duilisc
Ar chlocha ins an Chuaisín.
Mise is Neill is Nóra a chonaic iad
'S triúr eile ní fhaca rian.
Bhí ár gceannaibh síos go talamh
a' piocadh linn 's ár naprúin lán.
Mise is túisce a d'ardaigh m'amharc
Nuair a chualamar fuaim na maidí rámha.
Ní fhéadfainn a rá an cúigear nó seisear
De fhearabih a bhí istigh sa mbád.
Bhí duine acu thiar ina deireadh á stiúradh
Is gan aon chor as ach oiread leis an mbás.
Do liús is do bhéiceas féachaint
Isteach faoin bhfaill cár ghabh an bád
Chonaic an triúr iad 's ní fhaca an triúr eile
In áit chomh cúng nach rachadh ach rón
Is dá mbeidís ag straenáil ann go maidin
Go bráth na breithe ní fheicfeadh rian
Den mbád úd nárbh aon bhád saolta é
A chonaic le mo dhá shúil cinn
Ó dúirt na seandaoine linn nár mhithid
Theacht 'na bhaile 's an choróin a rá
Mar gur minic a bhí a leithéid ann cheana
Á thaibhsiú do dhaoine ar an mbá
Triúr a chonaic is triúr nach bhfaca
Na fearaibh ar na maidí rámha
Seacaidí gorma is caipíní dearga
A' dhul isteach go Faill na Mná