Anóime
Appearance
Riocht pearsanta ina dtugann duine aonair a chúl do luachanna is gnáthnoirm iompair le teann éadóchais, ionas nach féidir leis é féin a ionannú leis an tsochaí. Is féidir go dtarlóidh a leithéid do ghrúpa daoine a fhéadfaidh a bheith an-leathan. Thug an socheolaí Francach Émile Durkheim (1858-1917) an coincheap isteach i 1897, agus thairg gur cúis shuntasach le féinmharú í.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anóime". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 40.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |