Alonso de Guzmán y Sotomayor, 7ú Diúc Medina Sidonia
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (es) Alonso Pérez de Guzmán y Sotomayor 10 Meán Fómhair 1550 Sanlúcar de Barrameda |
Bás | 26 Iúil 1619 68 bliana d'aois Sanlúcar de Barrameda |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fórsaí míleata agus cabhlach |
Suíomh oibre | Gravelines |
Gairm | oifigeach míleata, saighdiúir, aimiréal |
Teangacha | An Spáinnis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | An Spáinn Hapsburgach |
Brainse míleata | Cabhlach na Spáinne |
Céim mhíleata | Capitán General (en) |
Coinbhleacht | Cath Gravelines |
Eile | |
Teideal uasal | Cunta Diúc Medina Sidonia An Tiarna Sanlúcar |
Teaghlach | Teaghlach Medina-Sidonia |
Céile | Ana Gómez de Silva y de Mendoza |
Páiste | Juan Manuel Pérez de Guzmán, 8ú Diúc Medina Sidonia, Miguel Gerónimo Pérez de Guzmán, Alfonso Pérez de Guzmán, Doña Leonore Manrique Sotomajor, Miguel de Guzmán |
Athair | Juan Claros de Guzmán agus Leonora de Zuniga y Sotomayor |
Gradam a fuarthas |
Ba uaslathaí Spáinneach é Alonso Pérez de Guzmán y Sotomayor, 7ú Diúc Medina Sidonia, (10 Meán Fómhair 1550 – 26 Iúil 1615), a bhí an-suntasach mar gheall ar a ról mar cheannasaí ar Armáid na Spáinne a bhí chun ionsaí a dhéanamh ar dheisceart Shasana sa bhliain 1588.[1] Ba mhac fionnó é le Fernando II de Aragón.
Teaghlach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Juan Carlos Pérez de Guzmán athair Alonso, a fuair bás sa bhliain 1556. Bhí sé seo dhá bhliain roimh bhás a athar féin, Juan Alfonso Pérez de Guzmán, 6ú Diúc Medina Sidonia, rud a chiallaíonn gur theip ar Juan Carlos teideal na diúcachta a fháil le hoidhreacht agus nach bhfuair sé bás ach mar an 9ú Cunta Niebla
Ba í a sheanmháthair athartha, a fuair bás sa bhliain 1528, ná Ana de Aragón y de Gurrea, iníon neamhdhlisteanach le hAlonso de Aragón y Ruiz de Iborra, Ardeaspag Zaragoza, mac neamhdhlisteanach é féin don rí Ferdinand II de Aragón. Sa bhliain 1518 phós Ana de Aragón i ndiaidh a chéile dhá Diúc Medina Sidonia. bhliain 1518 phós Ana de Aragón sna sála ag a chéile beirt Dhiúc de Medina Sidonia. Bhí an chéad phósadh aici le hAlfonso Pérez de Guzmán, 5ú Diúc Medina Sidonia, a fuair bás gan chlann sa bhliain 1548. Fógraíodh go raibh sé as a mheabhair ("mentecato"), rud a chuir an pósadh ó bhail agus a d'fhág an comharbas ar an teideal folamh. Phós an bhrídeog ansin, an bhliain chéanna, le deartháir an 5ú Diúc, Juan Alfonso, an 6ú Diúc, a rugadh ar 24 Márta 1502. Mhairfeadh sé trí scór bliain tar éis bháis a chéile, ag fáil bháis i Sanlúcar de Barrameda, i gCúige Cádiz, sa Spáinn, ar 26 Samhain, 1558 .
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Alonso Pérez de Guzmán el Bueno, séptimo duque de Medina Sidonia, décimo conde de Niebla, quinto marqués de Cazaza, señor de Sanlúcar de Barrameda, señor de Gibraleón, caballero del Toisón de Oro, capitán general del Mar Oceano y de la Armada Invencible