Alan Turing
Ba mhatamaiticeoir, ríomheolaí, loighceoir, crioptanailísí, bitheolaí agus fealsamh Sasanach é Alan Mathison Turing (23 Meitheamh 1912 - 7 Meitheamh 1954). Is duine de bhunaitheoirí an ríomheolaíochta é. Tá aithne ar Turing mar athair na ríomheolaíochta nua-aoisigh agus na intleachta saorga[1] araon.
In ainneoin na sár-éachtaí luachmhara a bhain sé amach, ní bhfuair Turing an aitheantas ceart lena linn féin agus ina thír dhúchais - fear aerach a bhí ann a bhí ag obair faoi cheilt le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Códoibríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'oibrigh sé ar an tionscnamh i mBletchley Park i rith an Dara Cogadh Domhanda chun cód na nGearmánach, Enigma, a bhriseadh.
Ríomhaireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis an chogaidh, chaith sé seal ag obair sa National Physical Laboratory, ag cruthú ceann de na chéad dearaí do ríomhaire le ríomhchlár stóráilte, cé nár tógadh é riamh.
I 1947 bhog sé go hOllscoil Mhanchain, ag obair ar dtús ar bhogearraí, ar an Manchester Mark I, a bhí ag teacht chun cinn ag an am mar cheann de na fíor-ríomhairí ba luaithe.
D'fhorbair sé tréithriú matamaiticiúil ar choincheap na hináitritheachta[2].
Thug sé isteach coincheap teoiriciúil an ríomhaire idéalaigh (meaisín Turing), struchtúr an ríomhaire, agus leag síos bunsraitheanna réimse na hintleachta saorga.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé bás i 1954. D'fhógair an coiste cróinéara go bhfuair sé bás tar éis úll a bhí clúdaithe leis an nimh ciainíd a ithe.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://books.google.ie/books?id=C9WQbm4ovFoC&pg=PA481&redir_esc=y&hl=en#v=onepage&q&f=false
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |