Ais leathmhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ais leathmhór

Má tá éilips againn, tugaimid ais mhór an éilips ar an ais a ritheann trí lárphointe an éilips ó cheann den dá phointe is faide ó chéile ar an éilips. Is í an ais mhór an trastomhas is faide atá ag an éilips, mar sin. Is ionann ais leathmhór an éilips agus leath na haise móire. Is ionann an ais leathmhór agus meánfhad na satailíte ón bpríomhach, agus an tsatailít ag timpeallú an phríomhaigh ar fhithis éilipseach. Tabhair faoi deara nach bhfuil an príomhach suite i lárphointe an éilips, ach i gceann de dhá fhócas an éilips.