Jump to content

Ainseabhaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAinseabhaí
Engraulidae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deEngraulidae fish oil (en) Aistrigh agus anchovy fillet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdClupeiformes
FineEngraulidae Cuir in eagar ar Wikidata
Gill, 1861

Iasc beag cosúil le scadán is ea an t-ainseabhaí atá flúirseach san uisce dromchlach cois cladaigh i bhfarraigí trópaiceacha is measartha. Tá iascaireachtaí forleathana trádálacha bunaithe orthu, agus déantar an chuid is mó den ghabháil a phróiseáil roimh í a dhíol. Tá 140 speiceas d'ainseabhaithe ann, iad scaipthe i 16 géineas i bhfine na nEngraulidae.[1]

Tacsanomaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rangaítear ainseabhaithe ina dhá fhofhine agus 16 ghéineas:[2]

Athchóiriú saoil ar an "saber-toothed anchovy" " atá imithe in éag Monosmilus

Is iad na taifid iontaise is luaithe a bhfuil gol acu le na n-ainseabhaithe ná gais-ainseabhaithe móra creiche. (Clupeopsis agus Monosmilus) ó thús agus lár an tSealaid Eoicéinigh san Aigéan Téitis, sa Bheilg agus sa Phacastáin.[3] De bharr na starrfhiacla móra a bhí ar na luath-ainseabhaithe seo, tugadh an leasainm " "saber-toothed anchovies" orthu (gan iad a mheascadh leis an ngéineas beo Lycengraulis).[5] Is é an taifead is luaithe d'fhíor-ainseabhaithe ná an gas-ainseabhaí Eoengraulis ó thús an tSealaid Eoicéinigh i Monte Bolca, san Iodáil.[4]

In ainneoin a líonmhaire sa lá atá inniu ann, agus a gclaonadh scoileanna ollmhóra a dhéanamh, is annamh a fhaightear ainseabhaithe sa taifead iontaise. Meastar nach ainseabhaithe iad go leor speiceas a measadh roimhe seo a bheith ina n-ainseabhaithe iontaiseachta tráth, nó go bhfuil siad ró-ilroinnte le sannadh go muiníneach gur leis an ngrúpa seo iad. D’fhéadfadh sé gur déantán caomhnaithe é tearcacht na n-ainseabhaithe sa taifead iontaise; ní féidir ainseabhaithe iontaise a aithint mar ainseabhaithe ach amháin nuair a bhíonn siad caomhnaithe go maith, ach is gnách go gcónaíonn ainseabhaithe i dtimpeallachtaí mara an-gharbha gar don chósta, áit a bhfuil seans i bhfad níos lú ann go gcaomhnófar iad mar iontaisí, agus is gnách go bhfaightear iasc iontaise dea-chaomhnaithe i sil-leagan a fhoirmítear in uisce níos doimhne.[6]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainseabhaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 25.
  2. Genera sa fine Engraulidae”. California Academy of Sciences.
  3. 1 2 3 "Large-bodied sabre-toothed anchovies reveal unanticipated ecological diversity in early Palaeogene teleosts" (as en) (2020). Royal Society Open Science 7 (5). doi:10.1098/rsos.192260. ISSN 2054-5703. PMID 32537214. Bibcode: 2020RSOS....792260C.
  4. 1 2 "An Eocene anchovy from Monte Bolca, Italy: The earliest known record for the family Engraulidae" (as en) (2016). Geological Magazine 153 (1): 84–94. doi:10.1017/S0016756815000278. ISSN 0016-7568. Bibcode: 2016GeoM..153...84M.
  5. Meter-long saber-toothed anchovies roamed the seas around 50 million years ago | U-M LSA Museum of Paleontology (en). Dáta rochtana: 2024-04-19.
  6. "Interrelationships of fossil and recent anchovies (Teleostei, Engrauloidea) and description of a new species from the Miocene of Cyprus" (1985). New York, N.Y: American Museum of Natural History.