Aigéaneolaíocht
Cuma
Is í an aigéaneolaíocht, nó eolaíocht na mara, an eolaíocht a bhaineann leis an aigéan. Is fo-ábhair na haigéaneolaíochta iad an aigéaneolaíocht fhisiciúil agus cheimiceach, bitheolaíocht na mara, agus geolaíocht na mara.
Tá staidéar na n-aigéan, de ghnáth ina 4 fho-dhisciplín[1].
- Pléann an aigéaneolaíocht gheolaíoch le struchtúr is éabhlóid ghrinneall na farraige ón gcladach amach, deascadh ar an ngrinneal san áireamh.
- Baineann aigéaneolaíocht cheimiceach le gach gné de cheimic an ghrínnill is an tsáile.
- San aigéaneolaíocht fhisiciúil tagann na sruthanna aigéanacha, na tonnta, na taoidí is imoibríthe na farraige leis an atmaisféar is na gaotha san áireamh.
- San aigéaneolaíocht bhitheolaíoch pléitear le héiceolaíocht an aigéin, na horgánaigh mara uile faoi na cúinsí athraitheacha físiciúla is ceimiceacha a tharlaíonn sa chomhshaol sin.
Tagann gnáthóga an chósta is an aigéin isteach sa scéal,
- acmhainní an aigéin,
- tionchar an duine ar gach gné den aigéan,
- agus na haigéin i gcomhthéacs an athrú aeráide domhanda.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |