Aigéad hipeaclórúil
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 51.972 Da |
Fionnachtaí nó aireagóir | Antoine Jérôme Balard |
Tacsón ina n-aimsítear é | |
Ról | Oibreán ocsaídithe |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | ClHO |
SMILES canónta | Model 2D OCl |
InChI | Model 3D |
Is é an t-aigéad hipeaclórúil an ceann is laige d'ocsaigéid an chlóirín, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín ann ná +I. HClO an fhoirmle, ach is fearr HOCl a úsáid má theastaíonn fíorstruchtúr an mhóilín a léiriú. Ní féidir an t-aigéad hipeaclórúil a aonrú ón uisce, chomh héagobhsaí is atá sé mar chomhdhúil. Cé gur aigéad lag é, is ocsaídeoir láidir é, agus is í an úsáid is mó a bhaintear as an aigéad seo ná úsáid an ocsaídeora. Ocsaídeoirí iad na hipeaclóirítí freisin, mar a thugtar ar shalainn an aigéid hipeaclórúil. Ós rud é gur ocsaídeoirí iad, tagann na hipeaclóirítí isteach áisiúil sa bhléitseáil agus mar fhrithsheipteáin, is é sin, leis na baictéir a mharú i gcneánna.
Má thuaslagtar gás clóirín san uisce, is éard a gheofar ná aigéad hidreaclórach HCl agus aigéad hipeaclórúil HClO. Sórt díréiriúcháin atá i gceist leis an imoibriú seo.