Agnóisí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Agnóiseachas (fir1, gu: agnóiseachais), ón nGréigis "a" = "gan", agus "gnosis" = "eolas"). Is é is brí leis an bhfocal 'agnóiseachas' ná an dearcadh nach féidir linn a bheith ar an eolas maidir le rud ar bith atá lasmuigh de theorainneacha an domhain eolaíochta. Cineál sceipteachais atá i gceist leis an agnóiseachas.

Tugtar agnóisí (agnóisí fir4,gu: agnóisí, ai: agnóisithe, gi: agnóisithe) ar an té atá den tuairim nach féidir leis an duine a fháil amach cé acu atá Dia ann nó nach bhfuil.

B'é Thomas Henry Huxley, sa bhliain 1869, ba thúisce a bhain úsáid as an téarma sin "agnóiseachas".

Féach freisin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]