Agóidí i Srí Lanca, 2022
Cineál | agóid círéib bhia | ||
---|---|---|---|
Tréimhse | 16 Márta 2022 - | ||
Tír | Srí Lanca | ||
Cúis | géarchéim fiachais i Srí Lanca 2021 | ||
Líon básanna | 1 | ||
I mí an Mhárta 2022, thosaigh oll-léirsithe i Srí Lanca maidir le géarchéim eacnamaíochta an oileáin.[1]
Ar 13 Iúil, theith an tUachtarán, Gotabaya Rajapaksa, lena theaghlach go hOileáin Mhaildíve, chun éalú ó lucht agóide sa tír. D'eitil sé an lá dár gcionn go Singeapór agus d'éirigh sé as a phost.[2]
Fógraíodh staid éigeandála sa tír.[1]
Ceapadh Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach. Ach ar 13 Iúil, thug léirsitheoirí ruathar faoi oifig an Phríomh-aire i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo. Bhí na léirsitheoirí ag éileamh go n-éireodh Ranil Wickremesinghe as.
De réir na léirsitheoirí, bhí Wickremesinghe, Rajapaksa agus a theaghlach éillitheach agus forlámhach. Bhí na léirsitheoirí ag iarraidh ruaig a chur ar Wickremesinghe freisin. Is tír dheighilte í Srí Lanca go hiondúil ach dúirt tráchtairí go bhfuil daoine ag teacht le chéile in aghaidh a naimhde coiteanna.[3]
Ar 20 Iúil, thogh an Pharlaimint Ranil Wickremesinghe mar Uachtarán.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2022-07-13). "Deorghás scaoilte le léirsitheoirí i Srí Lanca" (as ga).
- ↑ Reuters (2022-07-13). "Sri Lanka President Rajapaksa set to fly to Singapore via Maldives - government source" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2022-07-14.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (Iúil 2020). "Nuacht Mhall: 16 Iúil 2022 (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-07-21.
- ↑ "Sri Lanka: Ranil Wickremesinghe elected president by MPs" (en-GB). BBC News (2022-07-20). Dáta rochtana: 2022-07-21.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |