Jump to content

Aeromonas hydrophila

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAeromonas hydrophila Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dhiúltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPseudomonadati
FíleamPseudomonadota
AicmeGammaproteobacteria
OrdAeromonadales
FineAeromonadaceae
GéineasAeromonas
SpeiceasAeromonas hydrophila Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Bacillus hydrophilus Cuir in eagar ar Wikidata

Is éard is Aeromonas hydrophila ann ná baictéar heitreatrófach, Gram-dhiúltach, slat-chruthach a fhaightear den chuid is mó i gceantair le haeráid te. Bíonn an baictéar seo ar fáil i bhfionnuisce nó in uisce goirt. Fanann sé beo i dtimpeallachtaí aeróbacha agus anaeróbacha, agus is féidir leis ábhair ar nós geilitín agus haemaglóibin a díleá. Aonraíodh Aeromonas hydrophila ó dhaoine agus ainmhithe sna 1950í. Is é an ceann is iomráití de na sé speiceas de chuid na hAeromonas. Bíonn sé frithsheasmhach in aghaidh na n-antaibheathach is coitianta agus in aghaidh teochtaí fuar.