Adam Sandler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Adam Sandler
Adam Sandler Cannes 2017.jpg
Saol
Ainm iomlán Adam Richard Sandler
Eolas breithe Brooklyn, 9 Meán Fómhair 1966 (56 bliain d’aois)
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Áit chónaithe Los Angeles
Teanga dhúchais Béarla Meiriceánach
An Béarla
Muintir
Athair Stanley Sandler
Máthair Judy Sandler
Céile/Céilí Jackie Sandler  (Meitheamh 22, 2003 -
Páistí
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Manchester Central High School (en) Aistrigh
New York University Tisch School of the Arts (en) Aistrigh
(1984 - 1988)
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm aisteoir, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, léiritheoir scannáin, amhránaí, scríbhneoir scripte scannáin, ceoltóir, scríbhneoir, fuirseoir, giotáraí, léiritheoir teilifíse, léiritheoir feidhmiúcháin, cumadóir agus aisteoir gutha
Saothar iomráiteach Punch-Drunk Love (en) Aistrigh
The Chanukah Song (en) Aistrigh
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
[[Golden Globe Award for Best Actor – Motion Picture Musical or Comedy (en) ]]
(2003) : [[Punch-Drunk Love (en) ]]
Uirlis cheoil ceol gutha
Cleamhnú
Reiligiúin An Giúdachas
Páirtithe polaitíochta Páirtí Poblachtach
IMDb nm0001191
adamsandler.com
Discogs ID 208098
Instagram adamsandler
Twitter AdamSandler

Is aisteóir, fuirseoir, agus táirgeoir Meiriceánach é Adam Richard Sandler. Rugadh sé sa bhliain 1966, ar an 9ú Meán Fómhair, i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Tháinig sé go cáil ina bhall de foireann Saturday Night Live. Tá sé cáiliúil mar an réalt na scánnáin a thuill níos mó ná $2 billiúin ag an oifig ticéad[1], ina measc na scannáin grinn: Billy Madison (1995), Happy Gilmore (1996), The Waterboy (1998), Big Daddy (1999), agus Mr. Deeds (2002). Chomh maith le scannáin grinn, ghlac sé pháirt i scannáin drámaíochta, mar shampla na léiriú: Punch-Drunk Love (2002), Reign Over Me (2007), agus Funny People (2009). I 1999, bhunaigh Sandler Happy Madison Productions, comhlacht léiriú na teilifíse agus na scannáin a léirigh a lán scannáin agus an sraith teilifíse Rules of Engagement (2007). Meastar go bhfuil sé fiú níos mo ná $300 milliún.[2]

Saol a óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Adam Sandler i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Is mac de Stanley agus Judy Sandler é. D'oibrigh a athair mar innealtóir leictreach, agus a mháthair mar mhúinteor i naíolann.[3] Is as teaghlach Giúdach é.[4] Nuair a bhí Adam cúig bliana d'aois, bhog a chlann go Manchester, New Hampshire, agus d'fhreastáil sé ar Manchester Central High School ansin. Ba fhuirseoir iontach é, agus bhláthaigh a shuim i gcoiméide agus é ag freastal ar New York University. D'fhág Sandler an Tisch School of the Arts, cuid de NYU, i 1988.[5]

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sandler lena iníonacha, Sunny agus Sadie, ag a shearmanas chun réalt ar an Hollywood Walk of Fame a fháil, Feabhra 2011

Ar an 22ú Meitheamh, 2003, phós sé Jacqueline Samantha Titone. Tá dhá iníon ag an cúpla- Sadie Madison Sandler[6], (rugadh i 2006), agus Sunny Madeline Sandler[7] (rugadh i 2008). Tá siad ina gcónaí i Los Angeles, California.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "People Index". Boxofficemojo.com (Aibreán 30, 2013).
  2. "Adam Sandler Net Worth" (Meitheamh 17, 2013).
  3. "Adam Sandler Biography (1966?-)." Film Reference.com.
  4. "Adam Sandler's Jewish Roots." Curtha i gcartlann 2013-02-14 ar an Wayback Machine Jewogle.com
  5. "Live From New York, It's...". New York University (Earrach 2008).
  6. "Adam Sandler, Wife Have a Baby." Curtha i gcartlann 2009-08-31 ar an Wayback Machine People.com.
  7. "Adam Sandler and wife have second daughter." Reuters.com. 12ú Samhain, 2008.